+Airteagal 41 Ceanglais éarlaise
---+Airteagal 41 1.
---+Airteagal 41 2.
---+Airteagal 41 3.
---+Airteagal 41 4.
---+Airteagal 41 5.

Airteagal 41 Ceanglais éarlaise

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 41 1.
Déanfaidh CPL éarlaisí a fhorchur, a ghlaoch agus a bhailiú óna chomhaltaí imréitigh, agus, i gcás inarb iomchuí, ó CPLanna lena bhfuil socruithe idir-inoibritheachta aige chun teorainn a chur lena neamhchosaintí creidmheasa. Beidh na héarlaisí sin leordhóthanach chun neamhchosaintí féideartha a mheasann an CPL a thiocfaidh chun cinn a chumhdach go dtí leachtú na suíomhanna ábhartha. Beidh siad leordhóthanach freisin chun caillteanais a chumhdach a eascraíonn as 99 % ar a laghad de ghluaiseachtaí na neamhchosaintí thar thréimhse ama iomchuí agus áiritheoidh siad go ndéanfaidh CPL a neamhchosaintí a chomhthaobhú go hiomlán lena chomhaltaí imréitigh ar fad, agus, i gcás inarb ábhartha, le CPLanna lena bhfuil socruithe idir-inoibritheachta aige, ar bhonn laethúil ar a laghad. Déanfaidh CPL faireachán agus athbhreithniú leanúnach ar leibhéil a éarlaisí i bhfianaise dhálaí reatha an mhargaidh agus aon iarmhairt chomh-thimthriallach a d’fhéadfadh a bheith ag athbhreithnithe den sórt sin á cur san áireamh.
Airteagal 41 2.
Glacfaidh CPL samhlacha agus paraiméadair agus a cheanglais éarlaise á socrú aige lena léirítear saintréithe riosca na dtáirgí a imréitítear agus cuirfidh sé san áireamh an tréimhse idir éarlaisí a bhailiú, leachtacht an mhargaidh agus athruithe a d’fhéadfadh a bheith ann i gcaitheamh an idirbhirt. Déanfaidh an t-údarás inniúil na samhlacha agus na paraiméadair a bhailíochtú agus beidh siad faoi réir tuairim ón gcoláiste dá dtagraítear in Airteagal 18 i gcomhréir le hAirteagal 19 agus faoi réir tuairim ó ESMA i gcomhréir le hAirteagal 24a(7), an chéad fhomhír, pointe (bc), agus iad eisithe i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 17b.
Airteagal 41 3.
Déanfaidh CPL éarlaisí a ghlaoch agus a bhailiú ar bhonn ionlae, ar a laghad nuair a sháraítear tairseacha réamhshainithe. Agus é sin á dhéanamh aige, déanfaidh CPL, a mhéid is féidir, an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag a bhailiúcháin éarlaisí ionlae agus a íocaíochtaí éarlaisí ionlae ar staid leachtachta a rannpháirtithe agus ar athléimneacht an CPL a chur san áireamh. Ní shealbhóidh CPL, a mhéid is féidir, íocaíochtaí éarlaise athrúcháin ionlae tar éis dó na híocaíochtaí uile den sórt sin atá dlite a bhailiú.
Airteagal 41 4.
Déanfaidh contrapháirtí lárnach éarlaisí a ghlaoch agus a bhailiú a bheidh leormhaith chun an riosca a eascróidh ó na suíomhanna atá cláraithe i ngach cuntas atá á choimeád i gcomhréir le hAirteagal 39 maidir le hionstraimí airgeadais sonracha a chlúdach. Féadfaidh contrapháirtí lárnach éarlaisí a ríomh maidir le punann ionstraimí airgeadais ar choinníoll gur stuama agus daingean í an mhodheolaíocht a bheidh in úsáid.
Airteagal 41 5.
D'fhonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚBE agus le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt ina sonrófar síos an céatadán iomchuí agus an tréimhse ionchais iomchuí i gcomhair tréimhse leachtachta agus i gcomhair ríomh na luaineachta stairiúla, dá dtagraítear i mír 1, a bheidh le breithniú le haghaidh aicmí éagsúla na n-ionstraimí airgeadais, agus an cuspóir chun comhthimthriallacht a theorannú á chur san áireamh, agus na coinníollacha faoina bhféadfar na cleachtais um éarlaisiú punainne dá dtagraítear i mír 4 a chur chun feidhme.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meán Fómhair 2012.

Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.