+Airteagal 50b Rialacha ginearálta maidir le ríomh an KCCP

Airteagal 50b Rialacha ginearálta maidir le ríomh an KCCP

Airteagal 50b

Rialacha ginearálta maidir le ríomh an KCCP

Chun críocha KCCP a ríomh dá dtagraítear in Airteagal 50a(2), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) 

déanfaidh contrapháirtithe lárnacha luach a neamhchosaintí ar a gcomhaltaí imréitigh a ríomh mar seo a leanas:

(i) 

le haghaidh neamhchosaintí a eascróidh as conarthaí agus idirbhearta a liostaítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) d'Airteagal 301(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha an luach a ríomh i gcomhréir leis an modh a leagtar amach i Roinn 3 de Chaibidil 6 de Theideal II de Chuid a Trí den Rialachán sin trí úsáid a bhaint as tréimhse corrlaigh faoi riosca deich lá gnó;

(ii) 

le haghaidh neamhchosaintí a eascróidh as conarthaí agus idirbhearta a liostaítear i bpointe (b) d'Airteagal 301(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha an luach (EADi) a ríomh i gcomhréir leis an bhfoirmle seo a leanas:

EADi = max{EBRMi – IMi – DFi; 0}

nuair:

EADi

=

an luach neamhchosanta

▼C4

i

=

an t-innéacs lena gcuirtear an comhalta imréitigh in iúl:

▼M13

EBRMi

=

luach na neamhchosanta roimh mhaolú an riosca atá cothrom le luach neamhchosanta an chontrapháirtí lárnaigh ar an gcomhalta imréitigh i a thiocfaidh as gach conradh agus idirbheart leis an gcomhalta imréitigh sin, arna ríomh gan an chomhthaobhacht a bhreacann an comhalta imréitigh sin a chur san áireamh;

IMi

=

an corrlach tosaigh arna bhreacadh ag comhalta imréitigh i leis an gcontrapháirtí lárnach;

DFi

=

ranníocaíocht réamh-mhaoinithe an chomhalta imréitigh le ciste mainneachtana i.

Maidir leis na luachanna uile atá san fhoirmle sin, bainfidh siad leis an luacháil ag deireadh an lae sula malartófar an corrlach a glaodh ar ghlao corrlaigh deireanach an lae sin;

(iii) 

le haghaidh cásanna dá dtagraítear sa tríú habairt den dara fomhír d'Airteagal 301(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ríomhfaidh contrapháirtithe lárnacha luach na n-idirbheart dá dtagraítear sa chéad abairt den fhomhír sin i gcomhréir leis an bhfoirmle a leagtar amach i bpointe (a)(ii) den Airteagal seo, agus cinnfidh siad EBRMi i gcomhréir le Teideal V de Chuid a Trí den Rialachán sin;

(b) 

maidir le hinstitiúidí a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, is ionann na tacair ghlanluachála agus iad siúd a shainmhínítear i bpointe (4) d'Airteagal 272 den Rialachán sin;

(c) 

déanfaidh contrapháirtí lárnach a bhfuil neamhchosaintí aige ar chontrapháirtí lárnach amháin nó níos mó na neamhchosaintí sin a láimhseáil amhail is gur neamhchosaintí ar chomhaltaí imréitigh iad agus cuirfidh sé aon chorrlach nó ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe a fhaightear ó na contrapháirtithe lárnacha sin san áireamh chun KCCP a ríomh;

(d) 

measfaidh contrapháirtí lárnach a bhfuil socrú conarthach ceangailteach i bhfeidhm aige lena chomhaltaí imréitigh lena gceadaítear dó an corrlach tosaigh uile a fhaightear óna chomhaltaí imréitigh, nó cuid de, a úsáid mar a bheidís ina ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe, measfaidh sé an corrlach tosaigh sin a bheith ina ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe chun críocha an ríofa i mír 1 agus ní ina chorrlach tosaigh;

(e) 

i gcás ina sealbhófar comhthaobhacht i gcoinne cuntas ina bhfuil níos mó ná ceann amháin de na cineálacha conartha agus idirbhirt dá dtagraítear in Airteagal 301(1) de Rialachán (AE) 575/2013, déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha an corrlach tosaigh a sholáthróidh a gcomhaltaí imréitigh nó a gcliaint, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir le EADanna na gcineálacha conartha agus idirbhirt arna ríomh i gcomhréir le pointe (a) den mhír seo, gan an corrlach tosaigh a chur san áireamh sa ríomh;

(f) 

déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha a bhfuil níos mó ná aon chiste mainneachtana amháin acu ríomh ar gach ciste mainneachtana ina aonar;

(g) 

i gcás ina gcuireann comhalta imréitigh seirbhísí imréitigh ar fáil do chliaint, agus ina gcoinnítear idirbhearta agus comhthaobhacht na gcliant atá ag an gcomhalta imréitigh i bhfochuntais ar leith atá dealaithe ó na cinn a bhaineann le gnólacht dhílsithe an chomhalta imréitigh, déanfaidh na contrapháirtithe lárnacha EADi a ríomh i gcomhair gach fochuntas ar leithligh agus déanfaidh siad EADi iomlán an chomhalta imréitigh a ríomh mar shuim EADanna na bhfochuntas cliant agus EAD fhochuntas gnólachta dílsithe an chomhalta imréitigh;

(h) 

chun críocha phointe (f), i gcás nach roinntear DFi idir fochuntais na gcliant agus fochuntais gnólachta dílsithe an chomhalta imréitigh, cionroinnfidh na contrapháirtithe lárnacha DFi in aghaidh an fhochuntais de réir an chodáin áirithe atá ag corrlach tosaigh an fhochuntais sin i ndáil leis an gcorrlach tosaigh iomlán arna bhreacadh ag an gcomhalta imréitigh nó i gcomhair chuntas an chomhalta imréitigh;

(i) 

ní dhéanfaidh na contrapháirtithe an ríomh i gcomhréir le hAirteagal 50a(2) lena leagtar amach gur in airgead tirim amháin a chumhdaíonn an ciste mainneachtana idirbhearta.

Chun críocha phointe (a)(ii) den Airteagal seo, bainfidh an contrapháirtí úsáid as an modh a shonraítear in Airteagal 223 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus coigeartuithe maoirseachta luaineachta a leagtar amach in Airteagal 224 den Rialachán sin chun luach na neamhchosanta a ríomh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.