+Airteagal 85 12.

Airteagal 85 12.

Faoin 25 Nollaig 2027, déanfaidh ESMA, i ndlúthchomhar le BERS agus leis an Sásra Faireacháin Comhpháirteach, measúnú ar an gcaoi ar cuireadh Airteagail 15a, 17, 17a, 17b, 49 agus 49a i bhfeidhm.

Go háirithe, bunófar leis an measúnú sin an méid seo a leanas:

(a) 

cé acu a rinne nó nach ndearna na hathruithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/2987 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 34 ) an éifeacht inmhianaithe a bhaint amach maidir le hiomaíochas CPLanna an Aontais a mhéadú agus an t-ualach rialála atá orthu a laghdú;

(b) 

cé acu a laghdaigh na hathruithe a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2024/2987 an t-am go dtí an margadh i gcás seirbhísí imréitigh nua agus táirgí nua gan tionchar diúltach a imirt ar an riosca do na CPLanna, dá gcomhaltaí imréitigh ná dá gcliaint;

(c) 

cé acu a bhí nó nach raibh tionchar diúltach ag tabhairt isteach na féidearthachta atá ag CPLanna athruithe dá dtagraítear in Airteagal 15a a chur chun feidhme go díreach ar a bpróifíl riosca nó cé acu a mhéadaigh nó nár mhéadaigh sé na rioscaí foriomlána don chobhsaíocht airgeadais don Aontas, agus cé acu ba cheart nó nár cheart an fhéidearthacht sin a leasú.

Cuirfidh ESMA tuarascáil ar thoradh an mheasúnaithe sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 17.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.