+Airteagal 89 Forálacha idirthréimhseacha
---+Airteagal 89 1.
---+Airteagal 89 2.
---+Airteagal 89 3.
---+Airteagal 89 3a.
---+Airteagal 89 3b.
---+Airteagal 89 3c.
---+Airteagal 89 4.
---+Airteagal 89 5.
---+Airteagal 89 5a.
---+Airteagal 89 6.
---+Airteagal 89 7.
---+Airteagal 89 8.
---+Airteagal 89 9.
---+Airteagal 89 10.
---+Airteagal 89 11.
---+Airteagal 89 12.
---+Airteagal 89 13.
|
Airteagal 89 Forálacha idirthréimhseacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 89 1.
|
Go dtí an 18 Meitheamh 2021, ní bheidh feidhm ag an oibleagáid imréitigh a leagtar amach in Airteagal 4 maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar ar féidir iad a thomhas go hoibiachtúil mar idirbhearta a laghdóidh rioscaí infheistíochta a bhaineann go díreach le sócmhainneacht airgeadais na socruithe do scéimeanna pinsean, agus le heintitis a bunaíodh chun cúiteamh a chur ar fáil do chomhaltaí de na socruithe sin i gcás mainneachtain socraithe do scéimeanna pinsean. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid imréitigh a leagtar amach in Airteagal 4 maidir le conarthaí díorthach thar an gcuntar dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo arna ndéanamh ag socruithe do scéimeanna pinsean ón 17 Lúnasa 2018 go dtí an 16 Meitheamh 2019. Maidir leis na conarthaí díorthacha thar an gcuntar, a bheadh faoi réir na hoibleagáide imréitigh faoi Airteagal 4 ar shlí eile, agus a rinne na heintitis sin i rith na tréimhse sin, beidh siad faoi réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 11.
|
|
Airteagal 89 2.
|
Maidir leis na socruithe do scéimeanna pinsean dá dtagraítear in Airteagal 2(10)(c) agus (d) deonóidh an t-údarás inniúil ábhartha an díolúine dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcás cineálacha eintiteas nó i gcás cineálacha socruithe. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoin iarraidh do ÚEUM agus do ÚEÁPC, tar éis dó an iarraidh a fháil. Laistigh de 30 lá féilire ón tráth a bhfaighfear an fógra, eiseoidh ÚEUM tuairim, tar éis dó dul i gcomhairle leis an ÚEÁPC, lena measúnófar comhlíonadh an chineáil eintiteas nó an chineáil socruithe le hAirteagal 2(10)(c) nó (d) chomh maith leis na cúiseanna a bhfuil bonn cirt leis an díolúine de bharr deacrachtaí na ceanglais um chorrlaigh athrúcháin a chomhlíonadh. Ní dheonóidh an t-údarás inniúil díolúine ach i gcás ina mbeidh sé lánsásta go gcomhlíonann an cineál eintiteas nó an cineál socruithe Airteagal 2(10)(c) nó (d) agus go bhfuil deacrachtaí acu na ceanglais um chorrlaigh athrúcháin a chomhlíonadh. Glacfaidh an t-údarás inniúil cinneadh laistigh de dheich lá oibre tar éis tuairim ÚEUM a fháil, agus lánaird aige ar an tuairim sin. Mura n-aontaíonn an t-údarás inniúil le tuairim ÚEUM, tabharfaidh sé cúiseanna iomlána ina chinneadh agus míneoidh sé aon diallas suntasach ón tuairim sin. Foilseoidh ÚEUM, ar an láithreán gréasáin atá aige, liosta de chineálacha eintiteas agus de chineálacha socruithe dá dtagraítear in Airteagal 2(10)(c) agus (d) a bhfuil díolúine faighte acu i gcomhréir leis an gcéad fhomhír. Chun comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú tuilleadh, déanfaidh ÚEUM athbhreithniú piaraí ar na heintitis a chuirfear san áireamh ar an liosta gach bliain i gcomhréir le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 89 3.
|
I gcás contrapháirtí lárnach a údaraíodh sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe seirbhísí imréitigh a sholáthar i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála go léir faoi Airteagail 4, 5, 8 go 11, 16, 18, 25, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 46, 47, 49, 56 agus 81, déanfaidh sé iarratas ar údarú faoi Airteagal 14 chun críocha an Rialacháin seo laistigh de shé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 25, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49. I gcás contrapháirtí lárnach a údaraíodh sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe maidir le seirbhísí imréitigh a sholáthar i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas faoi Airteagal 25 chun críocha an Rialacháin seo laistigh de shé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 44, 45, 47 agus 49.
|
|
Airteagal 89 3a.
|
Ní fheidhmeoidh ESMA a chumhachtaí de bhun d’Airteagal 25(2a), (2b) agus (2c) go dtí an dáta a dtiocfaidh na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 25(2a) in Airteagal 25a(3) i bhfeidhm, agus i ndáil le CPLanna ar ina leith nach bhfuil cinneadh glactha ag ESMA maidir le haitheantas de bhun Airteagal 25, roimh an 1 Eanáir 2020, go dtí an dáta a dtiocfaidh an gníomh cur chun feidhme ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 25 i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 89 3b.
|
Déanfaidh ESMA coláiste a bhunú agus a bhainistiú de bhun Airteagal 25c do gach CPL aitheanta i gcomhréir le hAirteagal 25 roimh an 1 Eanáir 2020 faoi cheann 4 mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 25(2a).
|
|
Airteagal 89 3c.
|
Athbhreithneoidh ESMA na cinntí aitheantais a glacadh de bhun Airteagal 25(1) roimh dáta theacht i bhfeidhm na ngníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 25(2a) agus in Airteagal 25a(3) faoi cheann 18 mí ó dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tharmligthe dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 25(2a), i gcomhréir le hAirteagal 25(5). I gcás ina gcinnfidh ESMA, tar éis an athbhreithnithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, gur chóir CPL a fuair aitheantas roimh an 1 Eanáir 2020 a aicmiú mar CPL Leibhéal 2 i gcomhréir le hAirteagal 25(2a), socróidh ESMA tréimhse oiriúnaithe iomchuí nach faide ná 18 mí ar lena linn nach mór don CPL na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 25(2b) a chomhlíonadh. Féadfaidh ESMA síneadh suas le 6 mhí a chur leis an tréimhse oiriúnaithe sin ar iarraidh réasúnaithe ón CPL nó ó aon cheann de na húdaráis inniúla atá freagrach as an maoirsiú ar na comhaltaí imréitigh atá bunaithe san Aontas, i gcás ina bhfuil bonn cirt leis an síniú sin de bharr imthosca eisceachtúla agus de bharr an tionchair ar na comhaltaí imréitigh atá bunaithe san Aontas.
|
|
Airteagal 89 4.
|
Go dtí go ndéanfar cinneadh faoin Rialachán seo maidir le contrapháirtí lárnach a údarú nó aitheantas a thabhairt dó, beidh feidhm i gcónaí ag na rialacha náisiúnta faoi seach maidir le húdarú agus aitheantas na gcontrapháirtithe lárnacha agus leanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar bunaíodh an contrapháirtí lárnach nó inar tugadh aitheantas dó den chontrapháirtí lárnach a mhaoirsiú.
|
|
Airteagal 89 5.
|
I gcás contrapháirtí lárnach a bheith údaraithe ag údarás inniúil chun aicme áirithe díorthach a imréiteach i gcomhréir le dlí náisiúnta a Bhallstáit sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 45, 47 agus 49, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin fógra a thabhairt do ÚEUM faoin údarú sin laistigh de mhí amháin ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil rialála faoi Airteagal 5(1). I gcás aitheantas a bheith tugtha ag údarás inniúil do chontrapháirtí lárnach atá bunaithe i dtríú tír chun seirbhísí imréitigh a sholáthar i gcomhréir le dlí náisiúnta a Bhallstáit sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála go léir faoi Airteagail 16, 26, 29, 34, 41, 42, 45, 47 agus 49, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit sin fógra a thabhairt do ÚEUM faoin aitheantas sin laistigh de mhí amháin ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil rialála faoi Airteagal 5(1).
|
|
Airteagal 89 5a.
|
Le linn na hidirthréimhse a leagtar amach in Airteagal 497 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, san fhaisnéis a thuairisceoidh contrapháirtí lárnach dá dtagraítear san Airteagal sin i gcomhréir le hAirteagal 50c(1) den Rialachán seo, áireoidh sé méid foriomlán an chorrlaigh tosaigh, mar a shainmhínítear i bpointe (140) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, a fuair sé óna chomhaltaí imréitigh i gcás ina gcomhlíonfar an dá choinníoll seo a leanas:
(a)
níl ciste mainneachtana ag an gcontrapháirtí lárnach;
(b)
níl socrú ceangailteach ar bun ag an gcontrapháirtí lárnach lena chomhaltaí imréitigh lena gceadaítear dó an corrlach tosaigh uile nó cuid de a fuarthas ó na comhaltaí imréitigh sin a úsáid mar a bheidís ina ranníocaíochtaí réamh-mhaoinithe.
|
|
Airteagal 89 6.
|
I gcás stór trádála atá údaraithe nó cláraithe sna Ballstáit ina bhfuil sé bunaithe chun taifid na ndíorthach a bhailiú agus a chothabháil i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme go léir faoi Airteagal 9, Airteagal 56 agus Airteagal 81, déanfaidh sé iarratas ar chlárú faoi Airteagal 55 laistigh de shé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúla rialála agus cur chun feidhme sin. I gcás stór stádála atá bunaithe i dtríú tír a gceadaítear dó taifid díorthach i mBallstát a bhailiú agus a chothabháil i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme go léir faoi Airteagal 9, Airteagal 56 agus Airteagal 81, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas faoi Airteagal 77 laistigh de shé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúla rialála agus cur chun feidhme sin.
|
|
Airteagal 89 7.
|
Go dtí go ndéanfar cinneadh faoin Rialachán seo maidir le stór trádála a údarú nó aitheantas a thabhairt dó, beidh feidhm ag na rialacha náisiúnta faoi seach maidir le húdarú a dhéanamh ar stórtha trádála, iad a chlárú agus aitheantas a thabhairt dóibh agus leanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit inar bunaíodh an stór trádála nó inar tugadh aitheantas dó den stór trádála a mhaoirsiú.
|
|
Airteagal 89 8.
|
I gcás stór trádála atá údaraithe nó cláraithe sa Bhallstát ina bhfuil sé bunaithe chun taifid díorthach a bhailiú agus a chothabháil i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula ndéanfaidh an Coimisiún na caighdeaín theicniúla rialála agus cur chun feidhme faoi Airteagal 56 agus Airteagal 81 a ghlacadh féadfar é a úsáid chun an ceanglas um thuairisciú faoi Airteagal 9 a chomhlíonadh go dtí go ndéanfar cinneadh faoi chlárú an stóir thrádála faoin Rialachán seo. I gcás stór stádála atá bunaithe i dtríú tír a gceadaítear dó taifid díorthach a bhailiú agus a chothabháil i gcomhréir le dlí náisiúnta an Bhallstáit sin sula nglacfaidh an Coimisiún na caighdeáin theicniúla rialála agus cur chun feidhme go léir faoi Airteagal 56 agus 81, féadfar é a úsáid chun an ceanglas um thuairisciú faoi Airteagal 9 a chomhlíonadh go dtí go nglacfar cinneadh maidir le haitheantas a thabhairt don stór trádála faoin Rialachán seo.
|
|
Airteagal 89 9.
|
D'ainneoin Airteagal 81(3)(f), i gcás nach bhfuil aon chomhaontú idirnáisiúnta i bhfeidhm idir tríú tír agus an tAontas amhail dá dtagraítear in Airteagal 75, féadfaidh stór trádála an fhaisnéis riachtanach a chur ar fáil d'údaráis ábhartha an tríú tír sin go dtí 17 Lúnasa 2013, ar choinníoll go dtabharfaidh sé fógra do ÚEUM.
|
|
Airteagal 89 10.
|
I gcás inar comhalta imréitigh nó cliant de chuid CPL eile é CPL, nó i gcás ina bhfuil socruithe imréitigh indíreacha bunaithe aige roimh an 24 Nollaig 2024, beidh sé faoi réir Airteagal 26(1) an 25 Nollaig 2026. De mhaolú ar Airteagal 37(1), is féidir le CPL cead a thabhairt do CPLanna eile nó do thithe imréitigh eile arbh iad a chomhaltaí imréitigh iad, go díreach nó go hindíreach, amhail ón 31 Nollaig 2023, fanacht mar chomhaltaí imréitigh dó go dtí an 25 Nollaig 2026 ar a dhéanaí.
|
|
Airteagal 89 11.
|
Go dtí an 25 Nollaig 2025 nó 30 lá tar éis an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 17c(1), an dara fomhír, cibé dáta is túisce, déanfar an malartú faisnéise, tíolacadh na faisnéise agus na doiciméadachta, agus na fógraí a cheanglaítear chun an bunachar sonraí lárnach a úsáid, a chur i gcrích trí shocruithe malartacha a úsáid.
|
|
Airteagal 89 12.
|
CPL a údaraítear faoi Airteagal 14 a rinne socrú idir-inoibritheachta in ionstraimí airgeadais seachas urrúis inaistrithe, mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (44), de Threoir 2014/65/AE, agus ionstraimí margaidh airgid le CPL eile a údaraítear faoi Airteagal 14 nó CPL tríú tír a dtugtar aitheantas dó faoi Airteagal 25 roimh an 24 Nollaig 2024, iarrfaidh sé formheas óna údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 54 roimh an 25 Nollaig 2026. Scoirfear de shocrú idir-inoibritheachta a bhunaítear idir CPL a údaraítear faoi Airteagal 14 agus CPL nach n-údaraítear faoi Airteagal 14 ná nach dtugtar aitheantas dó faoi Airteagal 25 roimh an 25 Meitheamh 2025. Má dhéantar an CPL lena mbunaítear an socrú idir-inoibritheachta sin a údarú faoi Airteagal 14 nó má thugtar aitheantas dó faoi Airteagal 25 roimh an 25 Meitheamh 2025, iarrfaidh na CPLanna atá ina bpáirtithe sa socrú idir-inoibritheachta sin formheas óna n-údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 54 roimh an 25 Meitheamh 2027.
|
|
Airteagal 89 13.
|
De mhaolú ar Airteagal 11(3), an ceathrú fomhír agus an cúigiú fomhír, agus ar Airteagal 11(12a), go dtí go mbeidh sé fógartha go poiblí ag ÚBE go bhfuil a fheidhm bailíochtaithe lárnach curtha ar bun aige, déanfaidh na húdaráis inniúla bailíochtú ar shamhlacha pro forma.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0648
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|