+Airteagal 5 Díolúine do chláir aischeannaigh agus do chobhsú
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
|
Airteagal 5 Díolúine do chláir aischeannaigh agus do chobhsú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Ní bheidh feidhm ag na toirmisc in Airteagal 14 agus Airteagal 15 den Rialachán seo maidir le trádáil i scaireanna dílse i gcláir aischeannaigh i gcás:
(a)
nuair a nochtar sonraí iomlána an chláir roimh thús na trádála;
▼M5
(b)
nuair a dhéantar trádálacha a thuairisciú d’údarás inniúil an ionaid trádála mar chuid den chlár aischeannaigh i gcomhréir le mír 3 agus nuair a nochtar iad don phobal ina dhiaidh sin i bhfoirm chomhiomlán;
▼B
(c)
nuair a chomhlíontar urraim do theorainneacha leormhaithe maidir le praghas agus méidl agus
(d)
nuair a dhéantar é i gcomhréir leis na cuspóirí dá dtagraítear i mír 2 agus na coinníollacha a leagtar amach sna caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 6.
|
|
Airteagal 5 2.
|
D’fhonn tairbhiú den díolúine dá bhforáiltear i mír 1, beidh mar an t-aon chríoch ag clár aischeannaigh atá aige:
(a)
caipitil an eisitheora a laghdú;
(b)
na hoibleagáidí a eascraíonn ó ionstraimí fiachais airgeadais inmhalartaithe ar ionstraimí caipitil gnáthscaireann a chomhlíonadha; nó
(c)
na hoibleagáidí a eascraíonn ó chláir scair-rogha, nó leithdháiltí scaireanna eile d’fhostaithe nó do chomhaltaí na bainistíochta riaracháin nó do chomhaltaí maoirseachta an eisitheora nó cuideachta comhlaí a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 5 3.
|
Chun tairbhe a bhaint as an díolúine a leagtar síos i mír 1, déanfaidh an t- eisitheoir gach idirbheart a bhaineann leis an gclár aischeannaigh a thuairisciú d’údarás inniúil an mhargaidh is ábhartha ó thaobh leachtachta de dá dtagraítear in Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) Uimh. 600/2014. Cuirfidh an t-údarás inniúil is faighteoir, arna iarraidh sin air, an fhaisnéis ar aghaidh chuig údaráis inniúla an ionaid trádála inar ligeadh na scaireanna isteach chun a dtrádála agus ina dtrádáiltear iad.
|
|
Airteagal 5 4.
|
Ní bheidh feidhm ag na toirmisc in Airteagal 14 agus Airteagal 15 den Rialachán seo maidir le trádáil in urrúis nó in ionstraimí gaolmhara chun urrúis a chobhsú i gcás
(a)
ina ndéantar an cobhsú ar feadh tréimhse theoranta ama;
(b)
ina nochtar faisnéis ábhartha maidir leis an gcobhsú, agus ina dtugtar fógra don údarás inniúil i gcomhréir le mír 5;
(c)
ina dtugtar urraim do theorainneacha leormhaithe maidir le praghas; agus
(d)
ina gcomhlíonann trádáil den sórt sin na coinníollacha don chobhsú a leagtar síos sna caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear i mír 6.
|
|
Airteagal 5 5.
|
Gan dochar d’Airteagal 23(1), déanfaidh na heisitheoirí, na tairgeoirí nó na heintitis, a thabharfaidh faoin gcobhsú, ag gníomhú dóibh nó gan gníomhú dóibh thar ceann na ndaoine sin, fógra a thabhairt d’údarás inniúil an ionaid trádála maidir leis na hidirbhearta cobshúchain uile tráth nach déanaí ná an seachtú seisiún margadh laethúil i ndiaidh dáta cuir i gcrích na n-idirbheart sin.
|
|
Airteagal 5 6.
|
Chun comhchuibhiú comhsheasmach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun coinníollacha a shonrú nach mór do chláir aischeannaigh agus bearta cobhsaithe dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 4 chomhlíonadh, lena n-áirítear coinníollacha do thrádáil, srianta maidir le ham agus méid, oibleagáidí nochta agus tuairiscithe agus coinníollacha praghas. Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0596
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|