+Airteagal 11 Sondálacha margaidh
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 1a.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.
---+Airteagal 11 6.
---+Airteagal 11 7.
---+Airteagal 11 8.
---+Airteagal 11 9.
---+Airteagal 11 10.
---+Airteagal 11 11.
|
Airteagal 11 Sondálacha margaidh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1.
|
►M5
Is ionann sondáil margaidh agus faisnéis a bheith curtha in iúl, sula bhfógrófar idirbheart, más ann dó, chun leas infheisteoirí ionchasacha in idirbheart féideartha agus na coinníollacha a bhaineann leis amhail a mhéid ionchasach nó a phraghsáil, d’infheisteoir ionchasach amháin nó níos mó, a thomhas trí: ◄
(b)
ag tairgeoir tánaisteach ionstraime airgeadais, de mhéid nó de luach atá ar leithligh ón ngnáth-thrádáil agus a bhfuil modh díola i gceist leis atá bunaithe ar réamh-mheasúnú ar spéis ionchasach a bheith léirithe ag infheisteoirí ionchasacha;
(c)
ag rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí; nó
(d)
ag tríú páirtí ag gníomhú thar ceann nó ar chuntas duine dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c).
|
|
Airteagal 11 1a.
|
I gcás ina ndírítear tairiscint urrús ar infheisteoirí cáilithe amháin mar a shainítear i bpointe (e) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
7
), ní sondáil margaidh a bheidh ann má dhéantar faisnéis a chur in iúl do na hinfheisteoirí cáilithe sin chun críocha téarmaí conarthacha agus coinníollacha a rannpháirtíochta in eisiúint bannaí ag eisitheoir ar ligeadh ionstraimí airgeadais dá chuid isteach chun a dtrádála in ionad trádála, nó ag tríú duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann nó chun a chuntais, a chaibidil. Measfar gur i ngnáthfheidhmiú post, gairm nó dualgas duine dá bhforáiltear in Airteagal 10(1) den Rialachán seo, a dhéantar an cur in iúl sin, agus dá bhrí sin ní hionann é agus nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh. Áiritheoidh an t‐eisitheoir sin nó aon duine atá ag gníomhú thar a cheann nó chun a chuntais go bhfuil na hinfheisteoirí cáilithe a fhaigheann an fhaisnéis ar an eolas faoi na dualgais dhlíthiúla agus rialála atá i gceist, agus go n‐aithneoidh siad i scríbhinn iad, agus go bhfuil siad ar an eolas faoi na smachtbhannaí is infheidhme maidir le déileáil cos istigh agus nochtadh neamhdhleathach faisnéise ón taobh istigh.
|
|
Airteagal 11 2.
|
Gan dochar d’Airteagal 23(3), is ionann nochtadh faisnéise ón taobh istigh ag duine atá ag beartú tairiscint táthcheangail a dhéanamh ar urrúis cuideachta nó cumaisc le cuideachta do pháirtithe atá i dteideal na hurrúis sin agus sondáil margaidh, ar choinníoll:
(a)
go bhfuil an fhaisnéis riachtanach chun na páirtithe atá i dteideal na n-urrús tuairim a ghlacadh maidir lena dtoilteanas a n-urrúis a thairiscint, agus
(b)
go bhfuil gá réasúnach le toilteanas na bpáirtithe atá i dteideal na n-urrús a n-urrúis a thairiscint maidir leis an gcinneadh an tairiscint táthcheangail nó cumaisc a dhéanamh.
|
|
Airteagal 11 3.
|
Déanfaidh rannpháirtí nochtach sa mhargadh, sula ndéanfaidh sé sondáil margaidh, breithniú go sonrach ar cibé an mbeidh nochtadh faisnéise ón taobh istigh i gceist le sondáil margaidh. Déanfaidh an rannpháirtí nochtach sa mhargadh taifead i scríbhinn maidir lena chonclúid agus na cúiseanna leis. Cuirfidh sé taifid scríofa den sórt sin ar fáil don údarás inniúil ar iarraidh sin dó. Beidh an oibleagáid seo i bhfeidhm i leith gach nochtadh faisnéise le linn na sondála margaidh. Déanfaidh na rannpháirtithe nochtacha sa mhargadh na taifid scríofa dá dtagraítear sa mhír seo a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin.
|
|
Airteagal 11 4.
|
Measfar gur nocht an rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh faisnéis ón taobh istigh le linn sondáil margaidh i ngnáthfheidhmiú fostaíochta, gairme nó dualgas duine chun críocha Airteagal 10(1) i gcás ina roghnaíonn an rannpháirtí margaidh sin na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
fuair an rannpháirtí margaidh sin toiliú ón duine a fhaigheann an tsondáil margaidh á rá go bhfuil sé nó sí sásta faisnéis ón taobh istigh a fháil;
(b)
chuir an rannpháirtí margaidh sin in iúl don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh go bhfuil an duine sin toirmiscthe ón bhfaisnéis sin a úsáid, nó féachaint leis an bhfaisnéis sin a úsáid, trí ionstraimí airgeadais atá gaolmhar don fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt ar a chuntas féin nó ar chuntas tríú páirtí, go díreach nó go hindíreach;
(c)
chuir an rannpháirtí margaidh sin in iúl don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh go bhfuil an duine sin toirmiscthe ón bhfaisnéis sin a úsáid, nó féachaint leis an bhfaisnéis sin a úsáid, trí ordú a rinneadh cheana i dtaca le hionstraim airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis a chealú nó a leasú;
(d)
chuir an rannpháirtí margaidh sin in iúl don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh go bhfuil oibleagáid ar an duine sin an fhaisnéis a choimeád ar mhodh rúin trí aontú leis an bhfaisnéis a fháil;
(e)
rinne agus choinnigh an rannpháirtí margaidh sin taifead ar an bhfaisnéis ar fad arna tabhairt don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh, lena n-áirítear an fhaisnéis arna tabhairt i gcomhréir le pointí (a) go (d), agus ar chéannacht na n-infheisteoirí ionchasacha chuig ar nochtadh an fhaisnéis, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, daoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha a bhíonn ag gníomhú thar ceann an infheisteora ionchasaigh, agus ar dháta agus am gach nochta;
(f)
sholáthair an rannpháirtí margaidh sin an taifead sin don údarás inniúil arna iarraidh sin dó nó di.
|
|
Airteagal 11 6.
|
I gcás ina scoirfidh faisnéis a nochtadh le linn sondáil margaidh de bheith ina faisnéis ón taobh istigh i gcomhréir le measúnú an rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh, déanfaidh an rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh an faighteoir a chur ar an eolas dá réir sin, a luaithe is féidir. Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid sin i gcásanna ina mbeidh an fhaisnéis fógartha go poiblí ar shlí eile. Déanfaidh an rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh taifead a choimeád ar an bhfaisnéis a tugadh i gcomhréir leis an mír seo agus déanfaidh sé, arna iarraidh ag an údarás sin air, an fhaisnéis sin a sholáthar don údarás inniúil a luaithe agus is féidir.
|
|
Airteagal 11 7.
|
D’ainneoin an Airteagail seo, déanfaidh daoine a fhaigheann an tsondáil margaidh a mheasúnú dóibh féin an bhfuil faisnéis ón taobh istigh acu.
|
|
Airteagal 11 8.
|
Déanfaidh an rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh na taifid dá dtagraítear san Airteagal seo a choimeád ar feadh tréimhse cúig bliana ar a laghad.
|
|
Airteagal 11 9.
|
Chun comhchuibhiú comhsheasmach an Airteagail seo a áirithiú, forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun socruithe, nósanna imeachta agus ceanglais coimeáda taifead iomchuí a chinneadh i leith daoine a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos i míreanna 4, 5, 6 agus 8 den Airteagal seo. Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015 Déantar an chumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 11 10.
|
Chun comhchuibhiú comhsheasmach an Airteagail seo a áirithiú, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun go sonrófar na córais agus na teimpléid fógartha atá le húsáid ag daoine a chomhlíonann na ceanglais a bhunaítear le míreanna 4, 5, 6 agus 8 den Airteagal seo, go sonrach formáid bheacht na dtaifead dá dtagraítear i mír 4 go mír 8 agus na modhanna teicniúla chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6 a chur in iúl go hiomchuí don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh. Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 3 Iúil 2015. Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 11 11.
|
Eiseoidh ÚEUM treoirlínte i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, a bheidh dírithe chuig daoine a fhaigheann sondáil margaidh, maidir le:
(a)
na himthosca atá daoine den sórt sin le cur san áireamh nuair a dhéantar faisnéis a nochtadh dóibh mar chuid de shondáil margaidh ionas go bhféadfadh sé mheasúnúcibé ar faisnéis ón taobh istigh a d’fhéadfadh a bheith san fhaisnéis sin;
(b)
na bearta atá le déanamh ag daoine den sórt sin a dhéanamh más rud é go ndearnadh faisnéis ón taobh istigh a nochtadh dóibh chun go gcomhlíonfaí Airteagal 8 agus Airteagal 10 den Rialachán seo; agus
(c)
na taifid atá daoine den sórt sin le cothabháil chun a léiriú go bhfuil Airteagal 8 agus Airteagal 10 den Rialachán seo comhlíonta acu.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 05.06.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0596
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|