|
+Airteagal 11 4. |
Airteagal 11 4.Measfar gur nocht an rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh faisnéis ón taobh istigh le linn sondáil margaidh i ngnáthfheidhmiú fostaíochta, gairme nó dualgas duine chun críocha Airteagal 10(1) i gcás ina roghnaíonn an rannpháirtí margaidh sin na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
(a)
fuair an rannpháirtí margaidh sin toiliú ón duine a fhaigheann an tsondáil margaidh á rá go bhfuil sé nó sí sásta faisnéis ón taobh istigh a fháil;
(b)
chuir an rannpháirtí margaidh sin in iúl don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh go bhfuil an duine sin toirmiscthe ón bhfaisnéis sin a úsáid, nó féachaint leis an bhfaisnéis sin a úsáid, trí ionstraimí airgeadais atá gaolmhar don fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt ar a chuntas féin nó ar chuntas tríú páirtí, go díreach nó go hindíreach;
(c)
chuir an rannpháirtí margaidh sin in iúl don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh go bhfuil an duine sin toirmiscthe ón bhfaisnéis sin a úsáid, nó féachaint leis an bhfaisnéis sin a úsáid, trí ordú a rinneadh cheana i dtaca le hionstraim airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis a chealú nó a leasú;
(d)
chuir an rannpháirtí margaidh sin in iúl don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh go bhfuil oibleagáid ar an duine sin an fhaisnéis a choimeád ar mhodh rúin trí aontú leis an bhfaisnéis a fháil;
(e)
rinne agus choinnigh an rannpháirtí margaidh sin taifead ar an bhfaisnéis ar fad arna tabhairt don duine a fhaigheann an tsondáil margaidh, lena n-áirítear an fhaisnéis arna tabhairt i gcomhréir le pointí (a) go (d), agus ar chéannacht na n-infheisteoirí ionchasacha chuig ar nochtadh an fhaisnéis, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta dóibh, daoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha a bhíonn ag gníomhú thar ceann an infheisteora ionchasaigh, agus ar dháta agus am gach nochta;
(f)
sholáthair an rannpháirtí margaidh sin an taifead sin don údarás inniúil arna iarraidh sin dó nó di. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|