+Airteagal 17 Díolúine i leith gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh agus oibríochtaí an bhunmhargaidh
---+Airteagal 17 1.
---+Airteagal 17 2.
---+Airteagal 17 3.
---+Airteagal 17 4.
---+Airteagal 17 5.
---+Airteagal 17 6.
---+Airteagal 17 7.
---+Airteagal 17 8.
---+Airteagal 17 9.
---+Airteagal 17 10.
---+Airteagal 17 11.
---+Airteagal 17 12.
---+Airteagal 17 13.
---+Airteagal 17 14.

Airteagal 17 Díolúine i leith gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh agus oibríochtaí an bhunmhargaidh

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 17 1.
Ní bheidh feidhm ag Airteagail 5, 6, 7, 12, 13 agus 14 maidir le hidirbhearta a dhéantar mar gheall ar ghníomhaíochtaí cruthaithe margaidh.
Airteagal 17 2.
Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 44(2), cinntí a ghlacadh lena gcinnfear go n-áirithítear le creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonann margadh atá údaraithe sa tríú tír sin na ceanglais atá ceangailteach de réir an dlí, is ceanglais atá, chun an díolúine atá leagtha amach i mír 1 a chur i bhfeidhm, coibhéiseach leis na ceanglais faoi Theideal III de Threoir 2004/39/CE, faoi Threoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil margaidh (drochúsáid margaidh) ( 5 ) agus faoi Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear a n-urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte ( 6 ), agus atá faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus faoi réir forfheidhmithe éifeachtaí sa tríú tír sin.

Féadfar a mheas go bhfuil creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tíre coibhéiseach i gcás ina bhfuil na nithe seo a leanas fíor i dtaca leis an tríú tír sin:

(a) 

tá na margaí faoi réir údaraithe agus faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus forfheidhmithe éifeachtaigh ar bhonn leanúnach;

(b) 

tá rialacha soiléire agus trédhearcacha ag na margaí maidir le hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála sa chaoi is gur féidir na hurrúis sin a thrádáil ar shlí atá cóir, ordúil agus éifeachtúil agus go bhfuil siad soshannta go neamhshrianta;

(c) 

tá eisitheoirí na n-urrús faoi réir ceanglas faisnéise tréimhsiúil agus leanúnach trína n-áirithítear leibhéal ard cosanta d’infheisteoirí; agus

(d) 

áirithítear trédhearcacht mhargaidh agus sláine an mhargaidh trí dhrochúsáid margaidh i bhfoirm déileála cos istigh agus cúblála margaidh a chosc.

Airteagal 17 3.
Ní bheidh feidhm ag Airteagal 7, Airteagal 13 agus Airteagal 14 maidir le gníomhaíochtaí duine nádúrtha nó dhlítheanaigh, agus é ag gníomhú mar phríomhdhéileálaí údaraithe de bhun comhaontaithe le heisitheoir ceannasach, i gcás ina bhfuil sé ag déileáil i gcáil príomhdhéileálaí in ionstraim airgeadais maidir le hoibríochtaí an bhunmhargaidh agus an mhargaidh thánaistigh a bhaineann leis an bhfiachas ceannasach.
Airteagal 17 4.
Ní bheidh feidhm ag Airteagail 5, 6, 12, 13 agus 14 den Rialachán seo maidir le duine nádúrtha nó dlítheanach i gcás ina ndéanann sé díol folamh maidir le hurrús nó ina bhfuil glansuíomh gearr aige maidir le hoibríocht chobhsaíochta a chur i gcrích faoi Chaibidil III de Rialachán (CE) Uimh. 2273/2003 ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2003 lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le díolúintí maidir le cláir athcheannaigh agus le cobhsaíocht ionstraimí airgeadais ( 7 ).
Airteagal 17 5.
Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá dtagraítear i mír 1 ach amháin i gcás ina bhfuil fógra i scríbhinn tugtha ag an duine nádúrtha nó dlítheanach lena mbaineann d’údarás inniúil a Bhallstáit bhaile go bhfuil sé beartaithe leas a bhaint as an díolúine. Déanfar an fógra tráth nach déanaí ná 30 lá féilire roimh an lá a bhfuil sé beartaithe ag an duine nádúrtha nó dlítheanach leas a bhaint as an díolúine den chéad uair.
Airteagal 17 6.
Ní bheidh feidhm ag an díolúine dá dtagraítear i mír 3 ach amháin i gcás ina bhfuil fógra i scríbhinn i ndáil leis an bhfiachas ceannasach lena mbaineann tugtha ag an bpríomhdhéileálaí údaraithe don údarás inniúil ábhartha go bhfuil sé beartaithe aige leas a bhaint as an díolúine. Déanfar an fógra tráth nach déanaí ná 30 lá féilire roimh an lá a bhfuil sé beartaithe ag an duine nádúrtha nó dlítheanach atá ag gníomhú mar phríomhdhéileálaí leas a bhaint as an díolúine den chéad uair.
Airteagal 17 7.
Féadfaidh an t-údarás inniúil dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 úsáid na díolúine a thoirmeasc má mheasann sé nach gcomhlíonann an duine nádúrtha nó dlítheanach coinníollacha na díolúine. Déanfar aon toirmeasc a fhorchur laistigh den tréimhse 30 lá féilire dá dtagraítear i mír 5 nó i mír 6 nó ina dhiaidh sin má thagann an t-údarás inniúil ar an eolas go bhfuil athruithe tagtha ar dhálaí an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh is athruithe a fhágann nach gcomhlíonann sé coinníollacha na díolúine a thuilleadh.
Airteagal 17 8.
Déanfaidh eintiteas tríú tíortha nach bhfuil údaraithe san Aontas an fógra dá dtagraítear i mír 5 agus i mír 6 a chur chuig údarás inniúil an phríomhionaid trádála a dtrádálann sé air san Aontas.
Airteagal 17 9.
Déanfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil fógra tugtha aige faoi mhír 5 fógra i scríbhinn a thabhairt d’údarás inniúil a Bhallstáit bhaile a luaithe is féidir i gcás inarb ann d’aon athruithe a dhéanann difear d’incháilitheacht an duine sin maidir le leas a bhaint as an díolúine, nó i gcás nach mian leis an duine sin leas a bhaint as an díolúine a thuilleadh.
Airteagal 17 10.
Déanfaidh duine nádúrtha nó dlítheanach a bhfuil fógra tugtha aige faoi mhír 6 fógra i scríbhinn a thabhairt d’údarás inniúil ábhartha a luaithe is féidir i scríbhinn i ndáil le fiachas ceannasach lena mbaineann i gcás inarb ann d’aon athruithe a dhéanfadh difear d’incháilitheacht an duine sin maidir le leas a bhaint as an díolúine, nó i gcás nach mian leis an duine sin leas a bhaint as an díolúine a thuilleadh.
Airteagal 17 11.
Féadfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile faisnéis a iarraidh i scríbhinn ó dhuine nádúrtha nó dlítheanach atá ag oibriú faoi na díolúintí atá leagtha amach i mír 1, mír 3 nó mír 4 a bhaineann le suíomhanna gearra atá i seilbh duine nó le gníomhaíochtaí arna seoladh faoin díolúine. Déanfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach an fhaisnéis a sholáthar tráth nach déanaí ná ceithre lá féilire ón lá a dhéantar an iarraidh.
Airteagal 17 12.
Laistigh de dhá sheachtain ón bhfógra a thabhairt i gcomhréir le mír 5 nó mír 9, tabharfaidh údarás inniúil fógra do ÚEUM maidir le haon cruthaitheoirí margaidh agus i gcomhréir le mír 6 nó mír 10 maidir le haon phríomhdhéileálaithe údaraithe a bhfuil leas á bhaint acu as an díolúine agus maidir le haon chruthaitheoirí margaidh agus aon phríomhdhéileálaithe údaraithe nach bhfuil leas á bhaint acu as an díolúine a thuilleadh.
Airteagal 17 13.
Déanfaidh ÚEUM liosta de na cruthaitheoirí margaidh agus de na príomhdhéileálaithe údaraithe a bhfuil leas á bhaint acu as an díolúine a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin, agus déanfaidh sé an liosta sin a choimeád cothrom le dáta.
Airteagal 17 14.
Maidir le fógra faoin Airteagal seo, féadfaidh duine é a chur chuig údarás inniúil agus féadfaidh údarás inniúil é a chur chuig ÚEUM tráth ar bith laistigh de 60 lá féilire roimh an 1 Samhain 2012.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0236
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.