|
+Airteagal 17 2. |
Airteagal 17 2.Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 44(2), cinntí a ghlacadh lena gcinnfear go n-áirithítear le creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tír go gcomhlíonann margadh atá údaraithe sa tríú tír sin na ceanglais atá ceangailteach de réir an dlí, is ceanglais atá, chun an díolúine atá leagtha amach i mír 1 a chur i bhfeidhm, coibhéiseach leis na ceanglais faoi Theideal III de Threoir 2004/39/CE, faoi Threoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil margaidh (drochúsáid margaidh) (
5
) agus faoi Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2004 maidir le comhchuibhiú ceanglas trédhearcachta i ndáil le faisnéis i dtaobh eisitheoirí a ligtear a n-urrúis isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte (
6
), agus atá faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus faoi réir forfheidhmithe éifeachtaí sa tríú tír sin. Féadfar a mheas go bhfuil creat dlíthiúil agus maoirseachta tríú tíre coibhéiseach i gcás ina bhfuil na nithe seo a leanas fíor i dtaca leis an tríú tír sin:
(a)
tá na margaí faoi réir údaraithe agus faoi réir maoirseachta éifeachtaí agus forfheidhmithe éifeachtaigh ar bhonn leanúnach;
(b)
tá rialacha soiléire agus trédhearcacha ag na margaí maidir le hurrúis a ligean isteach chun a dtrádála sa chaoi is gur féidir na hurrúis sin a thrádáil ar shlí atá cóir, ordúil agus éifeachtúil agus go bhfuil siad soshannta go neamhshrianta;
(c)
tá eisitheoirí na n-urrús faoi réir ceanglas faisnéise tréimhsiúil agus leanúnach trína n-áirithítear leibhéal ard cosanta d’infheisteoirí; agus
(d)
áirithítear trédhearcacht mhargaidh agus sláine an mhargaidh trí dhrochúsáid margaidh i bhfoirm déileála cos istigh agus cúblála margaidh a chosc. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|