+Airteagal 23 Cumhacht chun díol folamh ionstraimí airgeadais a shrianadh go sealadach i gcás titime suntasaí praghais
---+Airteagal 23 1.
---+Airteagal 23 2.
---+Airteagal 23 3.
---+Airteagal 23 4.
---+Airteagal 23 5.
---+Airteagal 23 6.
---+Airteagal 23 7.
---+Airteagal 23 8.

Airteagal 23 Cumhacht chun díol folamh ionstraimí airgeadais a shrianadh go sealadach i gcás titime suntasaí praghais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 23 1.
I gcás ina bhfuil praghas ionstraime airgeadais ar ionad trádála tar éis titim go suntasach i rith lae trádála aonair i ndáil leis an bpraghas scoir ar an ionad sin an lá trádála roimhe sin, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit bhaile i leith an ionaid sin a mheas arb iomchuí toirmeasc nó srian a chur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha díol folamh a dhéanamh maidir leis an ionstraim airgeadais ar an ionad trádála sin nó, ar shlí eile, srian a chur ar idirbhearta san ionstraim airgeadais sin ar an ionad trádála sin chun laghdú mí-ordúil ar phraghas na hionstraime airgeadais a sheachaint.

I gcás inar deimhin leis an údarás inniúil, faoin gcéad fhomhír, gurb iomchuí déanamh amhlaidh, déanfaidh sé, i gcás scaire nó ionstraime fiachais, toirmeasc nó srian a chur ar dhaoine nádúrtha agus dlítheanacha díol folamh a dhéanamh ar an ionad trádála sin nó, i gcás cineál eile ionstraime airgeadais, cuirfidh sé srian ar idirbhearta san ionstraim airgeadais sin ar an ionad trádála sin chun laghdú mí-ordúil ar phraghas na n-ionstraimí airgeadais a sheachaint.

Airteagal 23 2.
Beidh feidhm ag an mbeart faoi mhír 1 ar feadh tréimhse nach rachaidh thar dheireadh an lae trádála i ndiaidh an lae trádála a dtarlaíonn an titim phraghais. Más rud é, ag deireadh an lae trádála i ndiaidh an lae trádála a dtarlaíonn an titim phraghais, ainneoin go ndearnadh an beart a fhorchur, go dtarlaíonn titim shuntasach eile luach na hionstraime airgeadais leath an mhéid arna sonrú i mír 5 ar a laghad i gcomparáid le praghas scoir an chéad lá trádála, féadfaidh an t-údarás inniúil an beart a fhadú ar feadh tréimhse breise nach faide ná dhá lá trádála i ndiaidh dheireadh an dara lá trádála.
Airteagal 23 3.
Beidh feidhm ag an mbeart faoi mhír 1 i ndálaí nó beidh sé faoi réir eisceachtaí arna sonrú ag an údarás inniúil. Féadfar eisceachtaí go háirithe a shonrú chun feidhm a bheith acu maidir le gníomhaíochtaí cruthaithe margaidh agus le gníomhaíochtaí an bhunmhargaidh.
Airteagal 23 4.
Déanfaidh údarás inniúil de chuid Ballstáit baile ionaid ina bhfuil ionstraim airgeadais tar éis titim de réir an luacha dá dtagraítear i mír 5 i rith lae aonair trádála, fógra a thabhairt do ÚEUM faoin gcinneadh a ghlactar faoi mhír 1 dhá uair an chloig ar a dhéanaí tar éis dheireadh an lae trádála sin. Déanfaidh ÚEUM údaráis inniúla Ballstát baile na n-ionad ina ndéantar trádáil ar an ionstraim airgeadais chéanna a chur ar an eolas láithreach.

Más rud é go n-easaontaíonn údarás inniúil leis an ngníomhaíocht a ghlac údarás inniúil eile maidir le hionstraim airgeadais arna trádáil ar ionaid éagsúla atá á rialáil ag údaráis inniúla éagsúla, féadfaidh ÚEUM cabhrú leis na húdaráis sin teacht ar chomhaontú i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Tabharfar an t-idir-réiteach chun críche roimh mheán oíche ag deireadh an lae trádála chéanna. Má mhainníonn na húdaráis inniúla teacht ar chomhaontú laistigh den chéim idir-réitigh, féadfaidh ÚEUM cinneadh a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 19(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Déanfar an cinneadh roimh thús an chéad lá trádála eile.

Airteagal 23 5.
I gcás scaire leachtaí, mar a shainítear in Airteagal 22 de Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006, 10 % nó os a chionn a bheidh sa titim luacha, agus i gcás scaireanna neamhleachtacha agus aicmí eile d’ionstraimí airgeadais, is méid atá le sonrú ag an gCoimisiún a bheidh ann.
Airteagal 23 6.
Féadfaidh ÚEUM tuairim maidir le coigeartú na tairsí dá dtagraítear i mír 5 a eisiúint agus a chur chuig an gCoimisiún, agus na forbairtí sna margaí airgeadais á gcur san áireamh aige.

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42 chun na tairseacha dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a mhodhnú, agus na forbairtí sna margaí airgeadais á gcur san áireamh aige.

Airteagal 23 7.
Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 42, lena sonrófar cad is titim shuntasach luacha ann maidir le hionstraimí airgeadais nach scaireanna leachtacha iad, agus na sainiúlachtaí a bhaineann le gach aicme d’ionstraimí airgeadais agus na difríochtaí luaineachta á gcur san áireamh aige.
Airteagal 23 8.
Chun a áirithiú go ndéanfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, déanfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt lena sonrófar an modh ríofa don titim 10 % maidir le scaireanna leachtacha agus don titim luacha a bheidh sonraithe ag an gCoimisiún dá dtagraítear i mír 7.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Márta 2012.

Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 16.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0236
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.