+Airteagal 38 Comhar le tríú tíortha
---+Airteagal 38 1.
---+Airteagal 38 2.
---+Airteagal 38 3.
---+Airteagal 38 4.
|
Airteagal 38 Comhar le tríú tíortha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 38 1.
|
Déanfaidh na húdaráis inniúla, i gcás inar féidir é sin a dhéanamh, socruithe comhair le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha a thabhairt i gcrích maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha, maidir le forfheidhmiú na n-oibleagáidí a thig faoin Rialachán seo i dtríú tíortha agus maidir le bearta comhchosúla i dtríú tíortha a dhéanann a n-údaráis mhaoirseachta chun na bearta arna ndéanamh faoi Chaibidil V a chomhlánú. Áiritheofar leis na socruithe comhair sin ar a laghad malartú éifeachtúil faisnéise a cheadóidh do na húdaráis inniúla a gcuid dualgas a dhéanamh faoin Rialachán seo. Cuirfidh údarás inniúil ÚEUM agus údaráis inniúla na mBallstát eile ar an eolas i gcás ina dtograíonn sé socrú den sórt sin a dhéanamh.
|
|
Airteagal 38 2.
|
Beidh sa socrú comhair forálacha maidir leis an malartú sonraí agus faisnéise is gá chun go gcomhlíonfaidh an t-údarás inniúil ábhartha an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 16(2).
|
|
Airteagal 38 3.
|
Déanfaidh ÚEUM forbairt socruithe comhair idir na húdaráis inniúla agus údaráis mhaoirseachta ábhartha tríú tíortha a chomhordú. Chun na críche sin, déanfaidh ÚEUM doiciméad múnla a ullmhú le haghaidh socruithe comhair a fhéadfaidh na húdaráis inniúla a úsáid. Déanfaidh ÚEUM an malartú idir na húdaráis inniúla i leith na faisnéise a fhaightear ó údaráis mhaoirseachta tríú tíortha agus ar faisnéis í a d’fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le bearta a dhéanamh faoi Chaibidil V.
|
|
Airteagal 38 4.
|
Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla socruithe comhair maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha a chur chun críche ach amháin i gcás ina bhfuil an fhaisnéis arna nochtadh faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar amach in Airteagal 34. Beidh malartú faisnéise den sórt sin beartaithe chun cúraimí na n-údarás inniúil sin a chur i gcrích.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 16.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0236
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|