|
+Airteagal 13 1. |
Airteagal 13 1.Déanfaidh riarthóir an tagarmharc agus an mhodheolaíocht a fhorbairt, a oibriú agus a riar go trédhearcach. Chuige sin, foilseoidh an riarthóir an fhaisnéis seo a leanas, nó cuirfidh sé ar fáil iad:
(a)
príomhghnéithe na modheolaíochta a úsáideann an riarthóir do gach tagarmharc a sholáthraítear agus a fhoilsítear nó, nuair is infheidhme, do gach fine tagarmharcanna a sholáthraítear agus a fhoilsítear;
(b)
mionsonraí maidir leis an athbhreithniú inmheánach agus maidir le modheolaíocht ar leith a fhormheas, chomh maith le minicíocht athbhreithniú den sórt sin;
(c)
na nósanna imeachta chun comhairliúchán a dhéanamh maidir le haon athrú ábhartha arna bheartú i modheolaíocht an riarthóra agus an réasúnaíocht a bhaineann le hathrú den sórt sin, lena n-áirítear sainmhíniú ar cad is athrú ábhartha ann agus na himthosca ina dtabharfaidh an riarthóir fógra d'úsáideoirí faoi aon athruithe den sórt sin;
(d)
i gcás ina n-áirítear sa doiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta a bhaineann le tagarmharc nó fine tagarmharcanna aon tagairt maidir le tosca ESG a chur san áireamh, míniú ar an gcaoi a léirítear tosca ESG i bpríomhghnéithe na modheolaíochta le haghaidh gach ceann de na tagarmharcanna nó de na finte tagarmharcanna sin, cé is moite de thagarmharcanna ráta úis agus malairte eachtraí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|