+Airteagal 13 Trédhearcacht na modheolaíochta
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 2a.
---+Airteagal 13 3.

Airteagal 13 Trédhearcacht na modheolaíochta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.

Déanfaidh riarthóir an tagarmharc agus an mhodheolaíocht a fhorbairt, a oibriú agus a riar go trédhearcach. Chuige sin, foilseoidh an riarthóir an fhaisnéis seo a leanas, nó cuirfidh sé ar fáil iad:

(a) 

príomhghnéithe na modheolaíochta a úsáideann an riarthóir do gach tagarmharc a sholáthraítear agus a fhoilsítear nó, nuair is infheidhme, do gach fine tagarmharcanna a sholáthraítear agus a fhoilsítear;

(b) 

mionsonraí maidir leis an athbhreithniú inmheánach agus maidir le modheolaíocht ar leith a fhormheas, chomh maith le minicíocht athbhreithniú den sórt sin;

(c) 

na nósanna imeachta chun comhairliúchán a dhéanamh maidir le haon athrú ábhartha arna bheartú i modheolaíocht an riarthóra agus an réasúnaíocht a bhaineann le hathrú den sórt sin, lena n-áirítear sainmhíniú ar cad is athrú ábhartha ann agus na himthosca ina dtabharfaidh an riarthóir fógra d'úsáideoirí faoi aon athruithe den sórt sin;

▼M6

(d) 

i gcás ina n-áirítear sa doiciméadacht dhlíthiúil nó mhargaíochta a bhaineann le tagarmharc nó fine tagarmharcanna aon tagairt maidir le tosca ESG a chur san áireamh, míniú ar an gcaoi a léirítear tosca ESG i bpríomhghnéithe na modheolaíochta le haghaidh gach ceann de na tagarmharcanna nó de na finte tagarmharcanna sin, cé is moite de thagarmharcanna ráta úis agus malairte eachtraí.

Airteagal 13 2.

Déanfar foráil sna nósanna imeachta a éilítear faoi phointe (c) de mhír 1 maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

réamhfhógra, le hamchlár soiléir, a thugann deis anailís agus tuairim a thabhairt ar thionchar athruithe ábhartha molta den sórt sin; agus

(b) 

na tuairimí dá dtagraítear i bpointe (a) den mhír seo, agus freagairt an riarthóra ar na tuairimí sin, tuairimí a chuirfear ar fáil i ndiaidh aon chomhairliúcháin, ach amháin sa chás gur iarr tionscnóir na dtuairimí rúndacht.

Airteagal 13 2a.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí inneachar íosta an mhínithe dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír de mhír 1 den Airteagal seo a leagan síos, chomh maith leis an bhformáid chaighdeánach atá le húsáid.
Airteagal 13 3.
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis atá le soláthar ag riarthóir i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar síos i mír 1 agus i mír 2 a shonrú tuilleadh, lena ndéantar idirdhealú ar chineálacha éagsúla tagarmharcanna agus earnálacha mar a leagtar amach sa Rialachán. Cuirfidh ÚEUM san áireamh an gá le nochtadh a dhéanamh ar na gnéithe sin den mhodheolaíocht a dhéanann foráil maidir le mionsonraí leordhóthanacha chun ligean d'úsáideoirí a thuiscint conas a sholáthraítear tagarmharc agus measúnú a dhéanamh ar chomh hionadaíoch agus atá sé, a ábharthacht d'úsáideoirí faoi leith agus a oiriúnacht mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais agus prionsabal na comhréireachta. ►M6  ————— ◄

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017.

Déantar cumhacht a tharmligean don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.