+Airteagal 24 2.

Airteagal 24 2.

Tabharfaidh riarthóir fógra láithreach d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé lonnaithe nó, agus má tá sé lonnaithe i dtríú tír, do ÚEUM, i gcás ina sroicheann ceann amháin nó níos mó de thagarmharcanna an riarthóra sin an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a). Tar éis an fógra sin a fháil, foilseoidh an t-údarás inniúil nó ÚEUM, de réir mar is infheidhme, ráiteas ar a shuíomh gréasáin ina sonraítear go bhfuil an tagarmharc sin mar thagarmharc suntasach.

Arna iarraidh sin d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé lonnaithe nó, agus má tá sé lonnaithe i dtríú tír, arna iarraidh sin do ÚEUM, soláthróidh an riarthóir faisnéis an t-údarás inniúil sin nó d’ÚEUM, de réir mar is infheidhme, faoi cé acu a sroicheadh nó nár sroicheadh an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a).

I gcás ina bhfuil foras soiléir agus inléirithe ag údarás inniúil nó, i gcás riarthóir tríú tír, ag ÚEUM, chun a mheas go sroicheann tagarmharc an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil nó ÚEUM fógra a eisiúint chuige sin. Leis an bhfógra sin, spreagfar na hoibleagáidí céanna don riarthóir tagarmharcanna agus a spreagfaí leis an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. 10 lá oibre ar a laghad sula n-eiseofar an fógra sin, cuirfidh an t-údarás inniúil nó ÚEUM, de réir mar is infheidhme, riarthóir an tagarmhairc lena mbaineann ar an eolas faoina thorthaí, agus iarrfaidh an t-údarás inniúil nó ÚEUM ar an riarthóir sin aon bharúlacha a chur faoina bhráid.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.