+Airteagal 24 Tagarmharcanna suntasacha
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 24 4.
---+Airteagal 24 5.
---+Airteagal 24 6.
---+Airteagal 24 7.
---+Airteagal 24 8.
---+Airteagal 24 9.
---+Airteagal 24 10.
|
Airteagal 24 Tagarmharcanna suntasacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 24 1.
|
Tagarmharc nach tagarmharc criticiúil é, is tagarmharc suntasach a bheidh ann i gcás ina gcomhlíontar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
úsáidtear go díreach nó go hindíreach é i dteaglaim de thagarmharcanna laistigh den Aontas mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas ag a bhfuil meánluach iomlán EUR 50 billiún ar a laghad, ar bhonn na ngnéithe seo a leanas den tagarmharc, thar thréimhse 6 mhí:
(i)
raon aibíochtaí nó éirimí an tagarmhairc, i gcás inarb infheidhme;
(ii)
airgeadraí uile nó aonaid tomhais eile an tagarmhairc, i gcás inarb infheidhme; agus
(iii)
na modheolaíochtaí uile chun torthaí a ríomh, i gcás inarb infheidhme;
(b)
ainmníodh an tagarmharc mar thagarmharc suntasach i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i míreanna 3, 4 agus 5, agus leis an nós imeacht a leagtar síos i mír 6, nó leis an nós imeachta a leagtar síos i mír 7.
|
|
Airteagal 24 2.
|
Tabharfaidh riarthóir fógra láithreach d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé lonnaithe nó, agus má tá sé lonnaithe i dtríú tír, do ÚEUM, i gcás ina sroicheann ceann amháin nó níos mó de thagarmharcanna an riarthóra sin an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a). Tar éis an fógra sin a fháil, foilseoidh an t-údarás inniúil nó ÚEUM, de réir mar is infheidhme, ráiteas ar a shuíomh gréasáin ina sonraítear go bhfuil an tagarmharc sin mar thagarmharc suntasach. Arna iarraidh sin d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé lonnaithe nó, agus má tá sé lonnaithe i dtríú tír, arna iarraidh sin do ÚEUM, soláthróidh an riarthóir faisnéis an t-údarás inniúil sin nó d’ÚEUM, de réir mar is infheidhme, faoi cé acu a sroicheadh nó nár sroicheadh an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a). I gcás ina bhfuil foras soiléir agus inléirithe ag údarás inniúil nó, i gcás riarthóir tríú tír, ag ÚEUM, chun a mheas go sroicheann tagarmharc an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), féadfaidh an t-údarás inniúil nó ÚEUM fógra a eisiúint chuige sin. Leis an bhfógra sin, spreagfar na hoibleagáidí céanna don riarthóir tagarmharcanna agus a spreagfaí leis an bhfógra dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. 10 lá oibre ar a laghad sula n-eiseofar an fógra sin, cuirfidh an t-údarás inniúil nó ÚEUM, de réir mar is infheidhme, riarthóir an tagarmhairc lena mbaineann ar an eolas faoina thorthaí, agus iarrfaidh an t-údarás inniúil nó ÚEUM ar an riarthóir sin aon bharúlacha a chur faoina bhráid.
|
|
Airteagal 24 3.
|
Féadfaidh údarás inniúil, tar éis dul i gcomhairle le ÚEUM i gcomhréir le mír 4 agus tar éis na comhairle uaidh a chur san áireamh, tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe san Aontas nach sroicheann an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a ainmniú mar thagarmharc suntasach i gcás ina gcomhlíonann an tagarmharc sin na coinníollacha seo a leanas:
(a)
níl ionadaí oiriúnach ar bith ag an tagarmharc, nó tá fíorbheagán ionadaithe oiriúnacha aige, atá faoi stiúir an mhargaidh;
(b)
i gcás ina scoireann an tagarmharc de bheith á sholáthar, nó gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó atá neamhiontaofa a sholáthraítear é, bheadh tionchair shuntasacha agus dhíobhálacha aige sin ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólacthaí i mBallstát an údaráis inniúil sin; agus
(c)
níor ainmnigh údarás inniúil Ballstáit eile an tagarmharc mar thagarmharc suntasach.
I gcás ina dtagann údarás inniúil ar an gconclúid go gcomhlíonann tagarmharc na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, ullmhóidh an t-údarás inniúil dréachtchinneadh chun an tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach agus tabharfaidh sé fógra faoin dréachtchinneadh sin don riarthóir lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an riarthóir lonnaithe. Rachaidh an t-údarás inniúil ainmniúcháin i gcomhairle le ÚEUM maidir leis an dréachtchinneadh freisin. Beidh 15 lá oibre ón dáta a thabharfar fógra faoin dréachtchinneadh ón údarás inniúil ainmniúcháin ag an riarthóir agus, i gcás inarb infheidhme, ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an riarthóir lonnaithe chun barúlacha agus tuairimí a sholáthar i scríbhinn. Cuirfidh an t-údarás inniúil ainmniúcháin ÚEUM ar an eolas faoi na barúlacha agus na tuairimí a gheofar agus déanfaidh sé na barúlacha agus na tuairimí sin a mheas go cuí sula nglacfaidh sé cinneadh críochnaitheach. Tabharfaidh an t-údarás inniúil ainmniúcháin fógra do ÚEUM faoina chinneadh críochnaitheach, agus foilseoidh sé an cinneadh, lena n-áirítear na cúiseanna atá leis agus na hoibleagáidí dlíthiúla atá ar an riarthóir a eascraíonn as sin, ar a shuíomh gréasáin gan moill mhíchuí. I gcás ina n-ainmníonn údarás inniúil tagarmharc mar thagarmharc suntasach atá contrártha leis an gcomhairle a d’eisigh ÚEUM faoi mhír 4, foilseoidh sé láithreach ar a shuíomh gréasáin fógra ina míneofar go hiomlán na cúiseanna atá aige é sin a dhéanamh.
|
|
Airteagal 24 4.
|
Nuair a rachaidh údarás inniúil i gcomhairle le ÚEUM maidir lena rún tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach i gcomhréir le mír 3, an chéad fhomhír, déanfaidh ÚEUM, laistigh de 3 mhí den chomhairliúchán sin, comhairle a eisiúint lena gcuirfear na tosca seo a leanas san áireamh, i bhfianaise shaintréithe sonracha an tagarmhairc lena mbaineann:
(a)
cé acu atá nó nach bhfuil cuí-réasúnú leordhóthanach déanta ag an údarás inniúil a théann i gcomhairle le ÚEUM ar a mheasúnú go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír á gcomhlíonadh;
(b)
i gcás ina scoireann an tagarmharc de bheith á sholáthar, nó gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó atá neamhiontaofa a sholáthraítear é, cé acu a bheadh nó nach mbeadh tionchair shuntasacha agus dhíobhálacha aige sin ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólachtaí i mBallstáit seachas Ballstát an údaráis inniúil a théann i gcomhairle le ÚEUM.
Chun críocha phointe (b) den mhír seo, cuirfidh ÚEUM san áireamh aon fhaisnéis arna soláthar ag an údarás inniúil a rachaidh i gcomhairle leis de bhun mír 3, an tríú fomhír.
|
|
Airteagal 24 5.
|
I gcás ina bhfaigheann ÚEUM go gcomhlíonann tagarmharc na coinníollacha a leagtar síos i mír 3, an chéad fhomhír, i níos mó ná Ballstát amháin, cuirfidh sé údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ar an eolas faoi sin. Tiocfaidh údaráis inniúla na mBallstát lena mbaineann ar chomhaontú maidir le cé acu a dhéanfaidh an tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach. I gcás nach dtagann na húdaráis inniúla ar chomhaontú maidir leis sin, déanfaidh siad an t-ábhar a tharchur chuig ÚEUM agus socróidh sé an t-easaontas sin i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 24 6.
|
Féadfaidh ÚEUM, arna iarraidh sin d’údarás inniúil, nó ar a thionscnamh féin, tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír nach sroicheann an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a ainmniú mar thagarmharc suntasach i gcás ina gcomhlíonann an tagarmharc sin na coinníollacha seo a leanas:
(a)
níl ionadaí oiriúnach ar bith ag an tagarmharc, nó tá fíorbheagán ionadaithe oiriúnacha aige, atá faoi stiúir an mhargaidh; agus
(b)
i gcás ina scoireann an tagarmharc de bheith á sholáthar, nó gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh ná ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó atá neamhiontaofa a sholáthraítear é, bheadh tionchair shuntasacha agus dhíobhálacha ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólachtaí i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit.
Roimh an gcinneadh ainmniúcháin agus a luaithe is féidir, cuirfidh ÚEUM riarthóir an tagarmhairc ar an eolas faoina rún, agus iarrfaidh sé ar an riarthóir sin ráiteas réasúnaithe a sholáthar do ÚEUM laistigh de 15 lá oibre ina mbeidh aon fhaisnéis ábhartha chun críocha an mheasúnaithe a bhaineann le hainmniú an tagarmhairc mar thagarmharc suntasach. I gcás inarb infheidhme, iarrfaidh ÚEUM, a luaithe is féidir, ar údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar chun críocha an mheasúnaithe a bhaineann le hainmniú an tagarmhairc mar thagarmharc suntasach. Tabharfaidh ÚEUM cúiseanna maidir le haon chinneadh ainmniúcháin agus cuirfidh sé san áireamh cé acu atá nó nach bhfuil fianaise leordhóthanach ann go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír á gcomhlíonadh, i bhfianaise shaintréithe sonracha an tagarmhairc lena mbaineann. Foilseoidh ÚEUM an cinneadh réasúnaithe uaidh ar a shuíomh gréasáin agus tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil iarrthach maidir leis gan moill mhíchuí.
|
|
Airteagal 24 7.
|
Féadfaidh údarás inniúil tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe san Aontas nach gcomhlíonann an coinníoll a leagtar síos i mír 1, pointe (a), a ainmniú mar thagarmharc suntasach i gcás ina gcomhlíonann an tagarmharc sin na coinníollacha seo a leanas:
(a)
chuir a riarthóir iarraidh i scríbhinn faoi bhráid an údaráis inniúil sin go n-ainmneofaí an tagarmharc sin mar thagarmharc suntasach, scríbhinn ina leagtar amach go soiléir na cúiseanna atá leis an iarraidh sin; agus
(b)
úsáidtear an tagarmharc go díreach nó go hindíreach i dteaglaim de thagarmharcanna san Aontas mar thagairt le haghaidh ionstraimí airgeadais nó conarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas, ag a bhfuil meánluach iomlán EUR 20 billiún ar a laghad le 6 mhí anuas.
Diúltóidh an t-údarás inniúil do thagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach i gcás ina bhfuil forais aige chun a mheas go raibh an iarraidh míchruinn nó míthreorach. Tabharfaidh an t-údarás inniúil ainmniúcháin fógra do ÚEUM faoi aon chinneadh maidir le tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach, agus foilseoidh sé an cinneadh, lena n-áirítear na cúiseanna atá leis agus na hoibleagáidí dlíthiúla atá ar an riarthóir a eascraíonn as sin, ar a shuíomh gréasáin gan moill mhíchuí.
|
|
Airteagal 24 8.
|
I gcás inar mian le riarthóir tagarmhairc arna ainmniú i gcomhréir le mír 7 go mbainfí an t-ainmniú sin, cuirfidh sé iarraidh i scríbhinn chuige sin faoi bhráid a údaráis inniúil 4 bliana ón dáta a ainmníodh an tagarmharc sin. Déanfaidh an t-údarás inniúil an t-ainmniú a chúlghairm ach amháin i gcás ina gcomhlíontar an coinníoll a leagtar síos i mír 1, pointe (a), nó na coinníollacha a leagtar síos i mír 3. Déanfar an cinneadh maidir leis an ainmniú a chúlghairm 3 mhí, ar a dheireanaí, ó dháta na hiarrata. Foilseoidh an t-údarás inniúil an cinneadh lena gcúlghairtear an t-ainmniú ar a shuíomh gréasáin. Leagfar amach sa chinneadh an dáta a mbeidh éifeacht aige, dáta nach mbeidh níos déanaí ná 12 mhí tar éis dháta a fhoilsithe.
|
|
Airteagal 24 9.
|
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le ÚEUM, an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ghníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
an modh ríofa, lena n-áirítear foinsí féideartha sonraí, atá le húsáid chun an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo a chinneadh;
(b)
na critéir chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an sroicheann tagarmharc an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo;
(c)
an fhaisnéis a bhfuil sé d’oibleagáid ar na húdaráis inniúla a sholáthar agus iad ag dul i gcomhairle le ÚEUM mar a cheanglaítear de bhun mhír 3 den Airteagal seo;
(d)
na critéir dá dtagraítear i mír 4, pointe (b), den Airteagal seo, agus aon sonraí á gcur san áireamh lena gcabhraítear le measúnú a dhéanamh ar cibé acu is suntasach agus díobhálach nó nach suntasach agus díobhálach an tionchar ag scor an tagarmhairc nó neamhiontaofacht an tagarmhairc ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólachtaí i mBallstát amháin nó níos mó.
|
|
Airteagal 24 10.
|
Faoin 31 Nollaig 2028, cuirfidh an Coimisiún, i gcomhar le ÚEUM, tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar leordhóthanacht na tairsí dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), i bhfianaise forbairtí sa mhargadh, i bpraghsanna agus i gcúrsaí rialála. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|