|
+Airteagal 24 3. |
Airteagal 24 3.Féadfaidh údarás inniúil, tar éis dul i gcomhairle le ÚEUM i gcomhréir le mír 4 agus tar éis na comhairle uaidh a chur san áireamh, tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe san Aontas nach sroicheann an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a ainmniú mar thagarmharc suntasach i gcás ina gcomhlíonann an tagarmharc sin na coinníollacha seo a leanas:
(a)
níl ionadaí oiriúnach ar bith ag an tagarmharc, nó tá fíorbheagán ionadaithe oiriúnacha aige, atá faoi stiúir an mhargaidh;
(b)
i gcás ina scoireann an tagarmharc de bheith á sholáthar, nó gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó atá neamhiontaofa a sholáthraítear é, bheadh tionchair shuntasacha agus dhíobhálacha aige sin ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólacthaí i mBallstát an údaráis inniúil sin; agus
(c)
níor ainmnigh údarás inniúil Ballstáit eile an tagarmharc mar thagarmharc suntasach. I gcás ina dtagann údarás inniúil ar an gconclúid go gcomhlíonann tagarmharc na coinníollacha a leagtar amach sa chéad fhomhír, ullmhóidh an t-údarás inniúil dréachtchinneadh chun an tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach agus tabharfaidh sé fógra faoin dréachtchinneadh sin don riarthóir lena mbaineann agus, i gcás inarb ábhartha, d’údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an riarthóir lonnaithe. Rachaidh an t-údarás inniúil ainmniúcháin i gcomhairle le ÚEUM maidir leis an dréachtchinneadh freisin. Beidh 15 lá oibre ón dáta a thabharfar fógra faoin dréachtchinneadh ón údarás inniúil ainmniúcháin ag an riarthóir agus, i gcás inarb infheidhme, ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an riarthóir lonnaithe chun barúlacha agus tuairimí a sholáthar i scríbhinn. Cuirfidh an t-údarás inniúil ainmniúcháin ÚEUM ar an eolas faoi na barúlacha agus na tuairimí a gheofar agus déanfaidh sé na barúlacha agus na tuairimí sin a mheas go cuí sula nglacfaidh sé cinneadh críochnaitheach. Tabharfaidh an t-údarás inniúil ainmniúcháin fógra do ÚEUM faoina chinneadh críochnaitheach, agus foilseoidh sé an cinneadh, lena n-áirítear na cúiseanna atá leis agus na hoibleagáidí dlíthiúla atá ar an riarthóir a eascraíonn as sin, ar a shuíomh gréasáin gan moill mhíchuí. I gcás ina n-ainmníonn údarás inniúil tagarmharc mar thagarmharc suntasach atá contrártha leis an gcomhairle a d’eisigh ÚEUM faoi mhír 4, foilseoidh sé láithreach ar a shuíomh gréasáin fógra ina míneofar go hiomlán na cúiseanna atá aige é sin a dhéanamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|