+Airteagal 24 4.

Airteagal 24 4.

Nuair a rachaidh údarás inniúil i gcomhairle le ÚEUM maidir lena rún tagarmharc a ainmniú mar thagarmharc suntasach i gcomhréir le mír 3, an chéad fhomhír, déanfaidh ÚEUM, laistigh de 3 mhí den chomhairliúchán sin, comhairle a eisiúint lena gcuirfear na tosca seo a leanas san áireamh, i bhfianaise shaintréithe sonracha an tagarmhairc lena mbaineann:

(a) 

cé acu atá nó nach bhfuil cuí-réasúnú leordhóthanach déanta ag an údarás inniúil a théann i gcomhairle le ÚEUM ar a mheasúnú go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear i mír 3, an chéad fhomhír á gcomhlíonadh;

(b) 

i gcás ina scoireann an tagarmharc de bheith á sholáthar, nó gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó atá neamhiontaofa a sholáthraítear é, cé acu a bheadh nó nach mbeadh tionchair shuntasacha agus dhíobhálacha aige sin ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólachtaí i mBallstáit seachas Ballstát an údaráis inniúil a théann i gcomhairle le ÚEUM.

Chun críocha phointe (b) den mhír seo, cuirfidh ÚEUM san áireamh aon fhaisnéis arna soláthar ag an údarás inniúil a rachaidh i gcomhairle leis de bhun mír 3, an tríú fomhír.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.