|
+Airteagal 24 6. |
Airteagal 24 6.Féadfaidh ÚEUM, arna iarraidh sin d’údarás inniúil, nó ar a thionscnamh féin, tagarmharc arna sholáthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír nach sroicheann an tairseach dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), a ainmniú mar thagarmharc suntasach i gcás ina gcomhlíonann an tagarmharc sin na coinníollacha seo a leanas:
(a)
níl ionadaí oiriúnach ar bith ag an tagarmharc, nó tá fíorbheagán ionadaithe oiriúnacha aige, atá faoi stiúir an mhargaidh; agus
(b)
i gcás ina scoireann an tagarmharc de bheith á sholáthar, nó gur ar bhonn sonraí ionchuir nach bhfuil lán-ionadaíoch a thuilleadh ar an mbunmhargadh ná ar an bhfíorchás eacnamaíoch nó atá neamhiontaofa a sholáthraítear é, bheadh tionchair shuntasacha agus dhíobhálacha ar shláine an mhargaidh, ar chobhsaíocht airgeadais, ar thomhaltóirí, ar an bhfíorgheilleagar, nó ar mhaoiniú teaghlach agus gnólachtaí i gceann amháin nó níos mó de na Ballstáit. Roimh an gcinneadh ainmniúcháin agus a luaithe is féidir, cuirfidh ÚEUM riarthóir an tagarmhairc ar an eolas faoina rún, agus iarrfaidh sé ar an riarthóir sin ráiteas réasúnaithe a sholáthar do ÚEUM laistigh de 15 lá oibre ina mbeidh aon fhaisnéis ábhartha chun críocha an mheasúnaithe a bhaineann le hainmniú an tagarmhairc mar thagarmharc suntasach. I gcás inarb infheidhme, iarrfaidh ÚEUM, a luaithe is féidir, ar údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe aon fhaisnéis ábhartha a sholáthar chun críocha an mheasúnaithe a bhaineann le hainmniú an tagarmhairc mar thagarmharc suntasach. Tabharfaidh ÚEUM cúiseanna maidir le haon chinneadh ainmniúcháin agus cuirfidh sé san áireamh cé acu atá nó nach bhfuil fianaise leordhóthanach ann go bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír á gcomhlíonadh, i bhfianaise shaintréithe sonracha an tagarmhairc lena mbaineann. Foilseoidh ÚEUM an cinneadh réasúnaithe uaidh ar a shuíomh gréasáin agus tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil iarrthach maidir leis gan moill mhíchuí. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|