+Airteagal 24a Ceanglais maidir le riarthóirí tagarmharcanna suntasacha
---+Airteagal 24a 1.
---+Airteagal 24a 2.
---+Airteagal 24a 3.
---+Airteagal 24a 4.
---+Airteagal 24a 5.
---+Airteagal 24a 6.
|
Airteagal 24a Ceanglais maidir le riarthóirí tagarmharcanna suntasacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 24a 1.
|
Laistigh de 60 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 24(2), lorgóidh an riarthóir tagarmhairc a chomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear in Airteagal 24(1), pointe (a), údarú nó clárú le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé lonnaithe. I gcás ina bhfuil an riarthóir sin lonnaithe i dtríú tír agus mura rud é go gcumhdaítear an tagarmharc le cinneadh coibhéise arna ghlacadh de bhun Airteagal 30, lorgóidh an riarthóir sin ceachtar de na nithe seo a leanas laistigh de 60 lá oibre tar éis ón bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 24(2):
(a)
aitheantas le ÚEUM de bhun an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 32;
(b)
formhuiniú de bhun an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 33, agus sa chás sin tá an riarthóir le riarthóir formhuiniúcháin a roghnú san Aontas a chuirfidh iarratas faoi bhráid ÚEUM.
|
|
Airteagal 24a 2.
|
Laistigh de 60 lá oibre tar éis ainmniú dá dtagraítear in Airteagal 24(3), lorgóidh riarthóir an tagarmhairc údarú nó clárú le húdarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil sé lonnaithe i gcomhréir le hAirteagal 34, mura rud é go bhfuil an riarthóir sin údaraithe nó cláraithe cheana féin.
|
|
Airteagal 24a 3.
|
Laistigh de 60 lá oibre tar éis ainmniú dá dtagraítear in Airteagal 24(6), lorgóidh riarthóir an tagarmhairc ceachtar de na nithe seo a leanas, mura rud é go gcumhdaítear an tagarmharc le cinneadh coibhéise arna ghlacadh de bhun Airteagal 30:
(a)
aitheantas le ÚEUM de bhun an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 32;
(b)
formhuiniú de bhun an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 33, agus sa chás sin tá an riarthóir le riarthóir formhuiniúcháin a roghnú san Aontas a chuirfidh iarratas faoi bhráid ÚEUM.
|
|
Airteagal 24a 4.
|
Laistigh de 60 lá oibre tar éis ainmniú dá dtagraítear in Airteagal 24(7), lorgóidh riarthóir an tagarmhairc údarú nó clárú leis an údarás inniúil ainmniúcháin i gcomhréir le hAirteagal 34, mura rud é go bhfuil an riarthóir sin údaraithe nó cláraithe cheana féin.
|
|
Airteagal 24a 5.
|
Bainfidh ÚEUM agus na húdaráis inniúla úsáid as na cumhachtaí maoirseachta agus smachtbhannaí a chuirtear ar a n-iontaoibh de bhun an Rialacháin seo chun a áirithiú go gcomhlíonann na riarthóirí a n-oibleagáidí.
|
|
Airteagal 24a 6.
|
Eiseoidh an t-údarás inniúil nó ÚEUM fógra poiblí, de réir mar is infheidhme, lena sonraítear nach gcomhlíonann tagarmharc suntasach arna sholáthar ag riarthóir an Rialachán seo, agus go bhfuil úsáideoirí le staonadh ón tagarmharc sin a úsáid i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
laistigh de 60 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 24(2), ón ainmniú dá dtagraítear in Airteagal 24(3) nó ón ainmniú dá dtagraítear in Airteagal 24(6), níor thionscain an riarthóir lena mbaineann nósanna imeachta chun mír 1, 2 nó 3 den Airteagal seo faoi seach a chomhlíonadh;
(b)
theip ar na nósanna imeachta um údarú, clárú, aitheantas nó formhuiniú;
(c)
rinne ÚEUM clárú an riarthóra lena mbaineann a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 31;
(d)
rinne ÚEUM aitheantas an riarthóra lena mbaineann a tharraingt siar nó a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 32(8);
(e)
scoireadh d’fhormhuiniú an riarthóra lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 33(6);
(f)
rinne an t-údarás inniúil údarú nó clárú an riarthóra lena mbaineann a tharraingt siar nó a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 35.
Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ÚEUM faoi gach fógra poiblí arna eisiúint gan moill mhíchuí. Foilseoidh ÚEUM gach fógra poiblí arna eisiúint ar a shuíomh gréasáin. Bainfidh ÚEUM agus an t-údarás inniúil an fógra poiblí gan moill mhíchuí a luaithe nach bhfuil an chúis ar eisíodh é bailí a thuilleadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|