|
+Airteagal 24a 6. |
Airteagal 24a 6.Eiseoidh an t-údarás inniúil nó ÚEUM fógra poiblí, de réir mar is infheidhme, lena sonraítear nach gcomhlíonann tagarmharc suntasach arna sholáthar ag riarthóir an Rialachán seo, agus go bhfuil úsáideoirí le staonadh ón tagarmharc sin a úsáid i gcás ina gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
laistigh de 60 lá oibre ón bhfógra dá dtagraítear in Airteagal 24(2), ón ainmniú dá dtagraítear in Airteagal 24(3) nó ón ainmniú dá dtagraítear in Airteagal 24(6), níor thionscain an riarthóir lena mbaineann nósanna imeachta chun mír 1, 2 nó 3 den Airteagal seo faoi seach a chomhlíonadh;
(b)
theip ar na nósanna imeachta um údarú, clárú, aitheantas nó formhuiniú;
(c)
rinne ÚEUM clárú an riarthóra lena mbaineann a tharraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 31;
(d)
rinne ÚEUM aitheantas an riarthóra lena mbaineann a tharraingt siar nó a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 32(8);
(e)
scoireadh d’fhormhuiniú an riarthóra lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 33(6);
(f)
rinne an t-údarás inniúil údarú nó clárú an riarthóra lena mbaineann a tharraingt siar nó a chur ar fionraí i gcomhréir le hAirteagal 35. Tabharfaidh údaráis inniúla fógra do ÚEUM faoi gach fógra poiblí arna eisiúint gan moill mhíchuí. Foilseoidh ÚEUM gach fógra poiblí arna eisiúint ar a shuíomh gréasáin. Bainfidh ÚEUM agus an t-údarás inniúil an fógra poiblí gan moill mhíchuí a luaithe nach bhfuil an chúis ar eisíodh é bailí a thuilleadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|