+Airteagal 29 Úsáid tagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, tagarmharcanna tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras
---+Airteagal 29 1.
---+Airteagal 29 1a.
---+Airteagal 29 1b.
---+Airteagal 29 2.

Airteagal 29 Úsáid tagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, tagarmharcanna tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE agus Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 29 1.
Ní chuirfidh eintiteas faoi mhaoirseacht tagairtí nua le tagarmharc suntasach nó le teaglaim de thagarmharcanna den sórt sin san Aontas i gcás ina bhfuil an tagarmharc sin nó an teaglaim de thagarmharcanna sin ina ábhar d’fhógra poiblí arna eisiúint ag údarás inniúil nó ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 24a(6). Ní chuirfidh eintiteas faoi mhaoirseacht tagairtí nua le tagarmharc criticiúil, tagarmharc tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE, Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras ná teaglaim lena n-áirítear aon tagarmharcanna den sórt sin san Aontas i gcás nach bhfuil riarthóir na dtagarmharcanna sin ar áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36.

Ceadóidh eintitis faoi mhaoirseacht ESAP nó an clár dá dtagraítear in Airteagal 36 go tráthrialta chun fíorú a dhéanamh ar stádas rialála riarthóirí tagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, tagarmharcanna tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a bhfuil sé beartaithe acu iad a úsáid.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus i gcás inar gá chun míshocracht thromchúiseach sa mhargadh a sheachaint, féadfaidh ÚEUM nó an t-údarás inniúil, de réir mar is infheidhme, úsáid tagarmhairc a cheadú faoi réir fógra poiblí arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 24a(6) go ceann tréimhse idir 6 mhí agus 24 mhí tar éis an fógra poiblí a fhoilsiú.

Cinnfidh ÚEUM nó an t-údarás inniúil fad na tréimhse dá dtagraítear sa tríú fomhír agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

(a) 

luach iomlán na n-ionstraimí airgeadais nó na gconarthaí airgeadais laistigh den Aontas a bhfuil an tagarmharc ina thagairt dóibh agus luach iomlán na gcistí infheistíochta laistigh den Aontas a n-úsáidtear an tagarmharc ina leith chun an fheidhmíocht a thomhas;

(b) 

infhaighteacht tagarmharcanna malartacha;

(c) 

a chasta a bheadh sé an tagarmharc a ionadú agus an t-am is gá chun neamhchosaintí atá ann cheana a laghdú, a fhálú nó a fhritháireamh.

Airteagal 29 1a.
Féadfaidh eintiteas faoi mhaoirseacht úsáid a bhaint freisin as an athsholáthar le haghaigh tagarmhairc arna ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 23b nó Airteagal 23c.
Airteagal 29 1b.
Eintiteas faoi mhaoirseacht a úsáideann tagarmharc i gconarthaí airgeadais nó ionstraimí airgeadais atá ann cheana atá faoi réir fógra poiblí faoi Airteagal 24a(6), cuirfidh sé rogha mhalartach iomchuí in ionad an tagarmhairc sin laistigh de 6 mhí ón bhfógra sin a fhoilsiú, nó eiseoidh agus foilseoidh sé ráiteas ar a shuíomh gréasáin ina soláthraítear míniú réasúnaithe dá chliaint cén fáth nach féidir leis é sin a dhéanamh.
Airteagal 29 2.
I gcás inarb urrúis inaistrithe nó táirgí infheistíochta eile a dhéanann tagairt do thagarmharc criticiúil, tagarmharc suntasach, tagarmharc tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II den Rialachán seo, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE, nó Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras is cuspóir do réamheolaire atá le foilsiú faoi Rialachán (AE) 2017/1129 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ) nó Treoir 2009/65/CE, áiritheoidh an t-eisitheoir, an tairgeoir nó an duine a iarrann go ligfí isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte é nó í go n-áirítear sa réamheolaire freisin faisnéis shoiléir fheiceálach ina sonraítear cibé acu an riarthóir a áirítear sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo a sholáthraíonn an tagarmharc.

I gcás inarb urrúis inaistrithe nó táirgí infheistíochta eile a dhéanann tagairt do thagarmharc criticiúil, tagarmharc suntasach, tagarmharc tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II den Rialachán seo, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras is cuspóir do réamheolaire atá le foilsiú faoi Rialachán (AE) 2017/1129 nó Treoir 2009/65/CE, áiritheoidh eisitheoir, tairgeoir nó an duine a iarrann go ligfí isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte é nó í, nuair a bheidh fógra poiblí de bhun Airteagal 24a(6) den Rialachán seo faoin tagarmharc a úsáidtear ar áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36 den Rialachán seo, go n-áirítear an fhaisnéis sin sa réamheolaire freisin ar bhealach soiléir feiceálach, gan moill mhíchuí tar éis an fógra poiblí a fhoilsiú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.