|
+Airteagal 29 1. |
Airteagal 29 1.Ní chuirfidh eintiteas faoi mhaoirseacht tagairtí nua le tagarmharc suntasach nó le teaglaim de thagarmharcanna den sórt sin san Aontas i gcás ina bhfuil an tagarmharc sin nó an teaglaim de thagarmharcanna sin ina ábhar d’fhógra poiblí arna eisiúint ag údarás inniúil nó ÚEUM i gcomhréir le hAirteagal 24a(6). Ní chuirfidh eintiteas faoi mhaoirseacht tagairtí nua le tagarmharc criticiúil, tagarmharc tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE, Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras ná teaglaim lena n-áirítear aon tagarmharcanna den sórt sin san Aontas i gcás nach bhfuil riarthóir na dtagarmharcanna sin ar áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36. Ceadóidh eintitis faoi mhaoirseacht ESAP nó an clár dá dtagraítear in Airteagal 36 go tráthrialta chun fíorú a dhéanamh ar stádas rialála riarthóirí tagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, tagarmharcanna tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras a bhfuil sé beartaithe acu iad a úsáid. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, agus i gcás inar gá chun míshocracht thromchúiseach sa mhargadh a sheachaint, féadfaidh ÚEUM nó an t-údarás inniúil, de réir mar is infheidhme, úsáid tagarmhairc a cheadú faoi réir fógra poiblí arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 24a(6) go ceann tréimhse idir 6 mhí agus 24 mhí tar éis an fógra poiblí a fhoilsiú. Cinnfidh ÚEUM nó an t-údarás inniúil fad na tréimhse dá dtagraítear sa tríú fomhír agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:
(a)
luach iomlán na n-ionstraimí airgeadais nó na gconarthaí airgeadais laistigh den Aontas a bhfuil an tagarmharc ina thagairt dóibh agus luach iomlán na gcistí infheistíochta laistigh den Aontas a n-úsáidtear an tagarmharc ina leith chun an fheidhmíocht a thomhas;
(b)
infhaighteacht tagarmharcanna malartacha;
(c)
a chasta a bheadh sé an tagarmharc a ionadú agus an t-am is gá chun neamhchosaintí atá ann cheana a laghdú, a fhálú nó a fhritháireamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|