|
+Airteagal 30 1. |
Airteagal 30 1.Ionas go bhféadfaidh tagarmharc nó teaglaim de thagarmharcanna a sholáthraíonn riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír a úsáid san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 29(1), cuirfear an tagarmharc agus an riarthóir ar áireamh sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 36. Comhlíonfar na coinníollacha seo a leanas chun go bhféadfar iad a chur ar áireamh sa chlár:
(a)
glacann an Coimisiún cinneadh coibhéise i gcomhréir le mír 2 nó le mír 3 den Airteagal seo;
(b)
tá an riarthóir údaraithe nó cláraithe sa tríú tír i dtrácht, agus faoi réir maoirseacht inti;
(c)
tugann an riarthóir fógra d'ÚEUM go dtoilíonn sé go bhféadfaidh eintitis faoi mhaoirseacht a thagarmharcanna iarbhír nó ionchasacha a úsáid san Aontas, chomh maith le liosta na dtagarmharcanna a bhfuil toiliú tugtha acu ina leith a úsáid san Aontas agus an t-údarás inniúil atá freagrach as maoirseacht air sa tríú tír; agus
(d)
tá na socruithe comhair dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo i mbun oibríochta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|