|
+Airteagal 32 2. |
Airteagal 32 2.Riarthóir ar thagarmharc suntasach, Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó tagarmharc tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II atá lonnaithe i dtríú tír a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas a fháil, déanfaidh sé an Rialachán seo a chomhlíonadh, cé is moite d’Airteagal 11(4) agus Airteagail 16, 20, 21 agus 23. Féadfaidh an riarthóir an coinníoll sin a chomhlíonadh trí phrionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna a chur i bhfeidhm, de réir mar is infheidhme, ar choinníoll go bhfuil cur i bhfeidhm den sórt sin coibhéiseach le comhlíonadh an Rialacháin seo, cé is moite d’Airteagal 11(4), agus d’Airteagail 16, 20, 21 agus 23. Le linn do ÚEUM a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír á chomhlíonadh agus le linn dó measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó phrionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna, de réir mar is infheidhme, féadfaidh sé na nithe seo a leanas a chur san áireamh:
(a)
measúnú ar an riarthóir arna dhéanamh ag iniúchóir seachtrach neamhspleách;
(b)
deimhniú arna sholáthar ag údarás inniúil an riarthóra sa tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe. I gcás ina bhfuil riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír in ann a léiriú, agus a mhéid atá sé in ann a léiriú, gurb é atá i dtagarmharc a sholáthraíonn sé tagarmharc sonraí rialáilte, nó tagarmharc tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II, ní chuirfear d’oibleagáid ar an riarthóir na ceanglais nach infheidhme, de bhun Airteagail 17 agus 19, maidir le soláthar tagarmharcanna sonraí rialáilte agus tagarmharcanna tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II, a chomhlíonadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|