+Airteagal 32 Aitheantas do riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír
---+Airteagal 32 2.
---+Airteagal 32 3.
---+Airteagal 32 5.
---+Airteagal 32 8.
---+Airteagal 32 9.
|
Airteagal 32 Aitheantas do riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 32 2.
|
Riarthóir ar thagarmharc suntasach, Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó tagarmharc tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II atá lonnaithe i dtríú tír a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas a fháil, déanfaidh sé an Rialachán seo a chomhlíonadh, cé is moite d’Airteagal 11(4) agus Airteagail 16, 20, 21 agus 23. Féadfaidh an riarthóir an coinníoll sin a chomhlíonadh trí phrionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó prionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna a chur i bhfeidhm, de réir mar is infheidhme, ar choinníoll go bhfuil cur i bhfeidhm den sórt sin coibhéiseach le comhlíonadh an Rialacháin seo, cé is moite d’Airteagal 11(4), agus d’Airteagail 16, 20, 21 agus 23. Le linn do ÚEUM a chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil an coinníoll dá dtagraítear sa chéad fhomhír á chomhlíonadh agus le linn dó measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh phrionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó phrionsabail IOSCO le haghaidh GTPanna, de réir mar is infheidhme, féadfaidh sé na nithe seo a leanas a chur san áireamh:
(a)
measúnú ar an riarthóir arna dhéanamh ag iniúchóir seachtrach neamhspleách;
(b)
deimhniú arna sholáthar ag údarás inniúil an riarthóra sa tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe.
I gcás ina bhfuil riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír in ann a léiriú, agus a mhéid atá sé in ann a léiriú, gurb é atá i dtagarmharc a sholáthraíonn sé tagarmharc sonraí rialáilte, nó tagarmharc tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II, ní chuirfear d’oibleagáid ar an riarthóir na ceanglais nach infheidhme, de bhun Airteagail 17 agus 19, maidir le soláthar tagarmharcanna sonraí rialáilte agus tagarmharcanna tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II, a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 32 3.
|
Riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír agus a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas a fháil, beidh ionadaí dlíthiúil aige. Is é a bheidh san ionadaí dlíthiúil duine dlítheanach atá lonnaithe san Aontas, agus arna cheapadh go sainráite ag an riarthóir sin chun gníomhú thar ceann an riarthóra sin maidir le hoibleagáidí an riarthóra faoin Rialachán seo. Déanfaidh an t-ionadaí dlíthiúil, i gcomhar leis an riarthóir, an fheidhm formhaoirseachta a chur i gcrích maidir le soláthar na dtagarmharcanna a dhéanann an riarthóir faoin Rialachán seo agus beidh sé cuntasach do ÚEUM. Féadfaidh ÚEUM beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 48e, nó fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 48f, a fhorchur ar an riarthóir nó ar an ionadaí dlíthiúil as sárú a liostaítear in Airteagal 42(1), pointe (a), nó i ndáil le haon chás de neamh-chomhoibriú nó neamhchomhlíonadh maidir le himscrúdú, le hiniúchadh nó le hiarraidh a chumhdaítear le Roinn 1 de Chaibidil 4, de réir mar is infheidhme.
|
|
Airteagal 32 5.
|
Aon riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír agus a bhfuil sé beartaithe aige aitheantas dá dtagraítear i mír 2 a fháil, déanfaidh sé iarratas ar aitheantas le ÚEUM. Soláthróidh an riarthóir is iarratasóir an fhaisnéis uile is gá chun go bhféadfaidh ÚEUM a bheith deimhin de go bhfuil bunaithe aige, tráth an aitheantais, na socruithe uile is gá chun na ceanglais a leagtar síos i mír 2 a chomhlíonadh i ndáil le haon cheann dá thagarmharcanna atá suntasach de bhun Airteagal 24, ar tagarmharcanna AE iad atá ailínithe le Comhaontú Pháras nó tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE, nó ar tagarmharcanna tráchtearraí iad atá faoi réir Iarscríbhinn II. I gcás inarb infheidhme, tabharfaidh an riarthóir is iarratasóir le fios an t-údarás inniúil sa tríú tír atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh air. Laistigh de 15 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh ÚEUM measúnú ar cé acu atá nó nach bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine agus tabharfaidh sé fógra don iarratasóir dá réir. I gcás ina bhfuil an t-iarratas neamhiomlán, iarrfaidh ÚEUM ar an iarratasóir an fhaisnéis atá in easnamh a chur isteach. Ar chur isteach na faisnéise arna hiarraidh ag an iarratasóir, déanfaidh ÚEUM athmheasúnú, laistigh de 15 lá oibre ón bhfaisnéis bhreise a fháil, cibé acu an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine agus tabharfaidh sé fógra don iarratasóir dá réir. Laistigh de 90 lá oibre ón iarratas comhlánaithe a fháil, fíoróidh ÚEUM gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3. I gcás ina measfaidh ÚEUM nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 2 agus i mír 3 comhlíonta, diúltóidh sé an iarraidh ar aitheantas agus leagfaidh sé amach na cúiseanna leis an diúltú sin. Thairis sin, ní dheonófar aon aitheantas mura rud é go gcomhlíontar na coinníollacha breise seo a leanas:
(a)
i gcás ina mbeidh riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír faoi réir maoirsiú, gurb ann do shocrú comhair iomchuí idir ÚEUM agus údarás inniúil an tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe, i gcomhréir leis na caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun Airteagal 30(5), chun a áirithiú gurb ann do mhalartú éifeachtúil faisnéise a chuireann ar chumas údarás inniúil an tríú tír sin a chuid cúraimí a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán seo;
(b)
nach bhfuil cosc ar fheidhmiú éifeachtach fheidhmeanna maoirseachta ÚEUM faoin Rialachán seo le dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin an tríú tír ina bhfuil an riarthóir lonnaithe nó, i gcás inarb infheidhme, le srianta ar chumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha údaráis inniúil an tríú tír sin.
|
|
Airteagal 32 8.
|
Déanfaidh ÚEUM an t-aitheantas arna thabhairt i gcomhréir le mír 5 a fhionraí nó a tharraingt siar, más iomchuí, más rud é go bhfuil cúiseanna maithe ann, atá bunaithe ar fhianaise dhoiciméadaithe a mheas:
(a)
go bhfuil an riarthóir ag gníomhú ar bhealach is léir a dhéanfaidh dochar do leasanna úsáideoirí a thagarmharcanna nó d’fheidhmiú rianúil na margaí;
(b)
gur sháraigh an riarthóir ar bhealach tromchúiseach na ceanglais ábhartha a leagtar amach sa Rialachán seo;
(c)
go ndearna an riarthóir ráitis bhréagacha nó gur úsáid sé aon mhodh mírialta eile chun an t-aitheantas a fháil.
|
|
Airteagal 32 9.
|
Féadfaidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun foirm agus inneachar an iarratais dá dtagraítear i mír 5 a chinneadh agus, go háirithe, maidir le cur i láthair na faisnéise a éilítear i mír 6. I gcás ina ndéantar dréachtchaighdeáin theicniúla rialála den sórt sin a fhorbairt, cuirfidh ÚEUM iad faoi bhráid an Choimisiúin. Tugtar an chumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|