|
+Airteagal 33 1. |
Airteagal 33 1.Riarthóir atá lonnaithe san Aontas agus atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 34, ag a bhfuil ról soiléir dea-shainithe faoi chreat rialaithe nó cuntasachta riarthóra atá lonnaithe i dtríú tír, atá in ann faireachán éifeachtach a dhéanamh ar sholáthar tagarmhairc, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chuig ÚEUM ar thagarmharc nó fine tagarmharcanna arna sholáthar nó arna soláthar i dtríú tír a fhormhuiniú lena n-úsáid san Aontas, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
(a)
tá sé fíordheimhnithe ag an riarthóir formhuiniúcháin nó ag eintiteas eile faoi mhaoirseacht, agus tá sé in ann a léiriú ar bhonn leanúnach dá údarás inniúil, go gcomhlíonann soláthar an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna atá le formhuiniú, ar bhonn sainordaitheach nó deonach, ceanglais atá, ar a laghad, chomh dian céanna le ceanglais an Rialacháin seo;
(b)
tá an saineolas is gá ag an riarthóir formhuiniúcháin nó ag an eintiteas eile faoi mhaoirseacht chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an ngníomhaíocht i ndáil le tagarmharc a sholáthar i dtríú tír agus chun bainistiú a dhéanamh ar rioscaí gaolmhara;
(c)
tá cúis oibiachtúil ann le tagarmharc nó fine tagarmharcanna a sholáthar i dtríú tír agus an tagarmharc nó fine tagarmharcanna sin a fhormhuiniú lena n-úsáid san Aontas. Chun críche phointe (a), agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann soláthar an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna atá le formhuiniú ceanglais atá, ar a laghad, chomh dian céanna le ceanglais an Rialacháin seo, féadfaidh údarás inniúil a chur san áireamh an mbeadh comhlíonadh sholáthar an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna le prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó le prionsbail IOSCO le haghaidh GTPanna, de réir mar is infheidhme, coibhéiseach le comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|