+Airteagal 33 Tagarmharcanna a sholáthraítear i dtríú tír a fhormhuiniú
---+Airteagal 33 1.
---+Airteagal 33 2.
---+Airteagal 33 3.
---+Airteagal 33 4.
---+Airteagal 33 5.
---+Airteagal 33 6.
---+Airteagal 33 7.
|
Airteagal 33 Tagarmharcanna a sholáthraítear i dtríú tír a fhormhuiniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 33 1.
|
Riarthóir atá lonnaithe san Aontas agus atá údaraithe nó cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 34, ag a bhfuil ról soiléir dea-shainithe faoi chreat rialaithe nó cuntasachta riarthóra atá lonnaithe i dtríú tír, atá in ann faireachán éifeachtach a dhéanamh ar sholáthar tagarmhairc, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chuig ÚEUM ar thagarmharc nó fine tagarmharcanna arna sholáthar nó arna soláthar i dtríú tír a fhormhuiniú lena n-úsáid san Aontas, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha uile seo a leanas:
▼B
(a)
tá sé fíordheimhnithe ag an riarthóir formhuiniúcháin nó ag eintiteas eile faoi mhaoirseacht, agus tá sé in ann a léiriú ar bhonn leanúnach dá údarás inniúil, go gcomhlíonann soláthar an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna atá le formhuiniú, ar bhonn sainordaitheach nó deonach, ceanglais atá, ar a laghad, chomh dian céanna le ceanglais an Rialacháin seo;
(b)
tá an saineolas is gá ag an riarthóir formhuiniúcháin nó ag an eintiteas eile faoi mhaoirseacht chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar an ngníomhaíocht i ndáil le tagarmharc a sholáthar i dtríú tír agus chun bainistiú a dhéanamh ar rioscaí gaolmhara;
(c)
tá cúis oibiachtúil ann le tagarmharc nó fine tagarmharcanna a sholáthar i dtríú tír agus an tagarmharc nó fine tagarmharcanna sin a fhormhuiniú lena n-úsáid san Aontas.
Chun críche phointe (a), agus measúnú á dhéanamh i dtaobh an gcomhlíonann soláthar an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna atá le formhuiniú ceanglais atá, ar a laghad, chomh dian céanna le ceanglais an Rialacháin seo, féadfaidh údarás inniúil a chur san áireamh an mbeadh comhlíonadh sholáthar an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna le prionsabail IOSCO le haghaidh tagarmharcanna airgeadais nó le prionsbail IOSCO le haghaidh GTPanna, de réir mar is infheidhme, coibhéiseach le comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 33 2.
|
Riarthóir a chuireann isteach iarratas ar fhormhuiniú dá dtagraítear i mír 1, soláthróidh sé an fhaisnéis go léir is gá chun a dheimhniú do ÚEUM go bhfuil, tráth an iarratais, na coinníollacha uile dá dtagraítear sa mhír sin comhlíonta.
|
|
Airteagal 33 3.
|
Laistigh de 90 lá oibre ón iarratas ar fhormhuiniú dá dtagraítear i mír 1 a fháil, scrúdóidh ÚEUM an t-iarratas agus glacfaidh sé cinneadh chun an formhuiniú a údarú nó a dhiúltú. I gcás ina n-údaraíonn ÚEUM formhuiniú, déanfar, de réir mar is infheidhme, na hinniúlachtaí i ndáil le húdarú nó clárú an riarthóra a rinne iarratas ar fhormhuiniú a aistriú chuig ÚEUM laistigh de 6 mhí ó údarú an fhormhuinithe.
|
|
Airteagal 33 4.
|
Déanfar tagarmharc formhuinithe nó fine tagarmharcanna formhuinithe a mheas mar thagarmharc nó mar fhine tagarmharcanna arna sholáthar nó arna soláthar ag an riarthóir formhuiniúcháin. Ní bhainfidh an riarthóir formhuiniúcháin úsáid as an bhformhuiniú agus é ar intinn aige ceanglais an Rialacháin seo a sheachaint.
|
|
Airteagal 33 5.
|
Riarthóir a bhfuil tagarmharc nó fine tagarmharcanna arna sholáthar nó arna soláthar i dtríú tír formhuinithe aige, leanfaidh sé de bheith freagrach go hiomlán as an tagarmharc nó as an bhfine tagarmharcanna sin agus as comhlíonadh na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo.
|
|
Airteagal 33 6.
|
I gcás ina bhfuil cúiseanna a bhfuil bunús maith leo ag ÚEUM a mheas nach bhfuil na coinníollacha a leagtar síos i mír 1 den Airteagal seo á gcomhlíonadh a thuilleadh, beidh an chumhacht aige a cheangal ar an riarthóir formhuiniúcháin scor den fhormhuiniú. Beidh feidhm ag Airteagal 28 i gcás ina scoirfear den fhormhuiniú.
|
|
Airteagal 33 7.
|
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 49 a bhaineann le bearta chun coinníollacha a chinneadh faoina bhféadfaidh ÚEUM a mheas an bhfuil cúis oibiachtúil ann le tagarmharc nó fine tagarmharcanna i dtríú tíortha a sholáthar agus lena bhformhuiniú lena n-úsáid san Aontas. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh gnéithe mar shampla sonraíochtaí an bhunmhargaidh nó an fhíorcháis eacnamaíoch atá beartaithe a thomhas leis an tagarmharc, an gá atá le soláthar an tagarmhairc a bheith gar don mhargadh nó don fhíorchás eacnamaíoch sin, an gá atá le soláthar an tagarmhairc a bheith gar do rannchuiditheoirí, infhaighteacht ábhartha na sonraí ionchuir mar gheall ar chriosanna ama éagsúla, agus scileanna sonracha atá riachtanach i soláthar an tagarmhairc.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|