+Airteagal 34 Riarthóir a údarú agus a chlárú
---+Airteagal 34 1.
---+Airteagal 34 1a.
---+Airteagal 34 2.
---+Airteagal 34 3.
---+Airteagal 34 4.
---+Airteagal 34 5.
---+Airteagal 34 6.
---+Airteagal 34 7.
---+Airteagal 34 8.
|
Airteagal 34 Riarthóir a údarú agus a chlárú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 34 1.
|
Aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe san Aontas agus ag a bhfuil sé beartaithe gníomhú mar riarthóir, déanfaidh sé nó sí iarratas chuig an údarás inniúil atá ainmnithe faoi Airteagal 40 den Bhallstát ina bhfuil an duine sin lonnaithe, nó chuig ÚEUM sna cásanna dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo, chun go bhfaighidh an duine sin an méid seo a leanas:
(a)
údarú i gcás ina soláthraíonn sé nó sí innéacsanna nó i gcás ina bhfuil sé beartaithe aige nó aici iad a sholáthar, ar innéacsanna iad a úsáidtear nó atá beartaithe lena n-úsáid mar thagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, tagarmharcanna tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras;
(b)
clárú i gcás inar eintiteas faoi mhaoirseacht é, seachas riarthóir, a sholáthraíonn innéacsanna nó ag a bhfuil sé beartaithe iad a sholáthar, ar innéacsanna iad a úsáidtear mar thagarmharcanna suntasacha nó atá beartaithe lena n-úsáid mar thagarmharcanna suntasacha, mar Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, ar choinníoll nach bhfuil gníomhaíocht an tsoláthair tagarmhairc faoi chosc ag an disciplín earnálach is infheidhme i leith an eintitis faoi mhaoirseacht agus nach gcáileodh aon cheann de na hinnéacsanna a sholáthraítear mar thagarmharc criticiúil.
|
|
Airteagal 34 1a.
|
I gcás ina gcáileodh ceann amháin nó níos mó de na hinnéacsanna arna soláthar ag an duine dá dtagraítear i mír 1 mar thagarmharcanna criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 20(1), pointí (a) agus (c), nó i gcás ina gcuirfeadh an duine iarratas faoi bhráid ÚEUM ag an am céanna de bhun Airteagal 33(1) chun tagarmharc nó fine tagarmharcanna a fhormhuiniú, cuirfear an t-iarratas faoi bhráid ÚEUM.
|
|
Airteagal 34 2.
|
Comhlíonfaidh riarthóir údaraithe nó cláraithe na coinníollacha a leagtar síos sa Rialacháin seo i gcónaí agus tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil i dtaobh aon athruithe ábhartha orthu.
|
|
Airteagal 34 3.
|
An t-iarratas dá dtagraítear i mír 1, déanfar é laistigh de 30 lá oibre ó aon chomhaontú a dhéanfaidh eintiteas faoi mhaoirseacht chun innéacs arna sholáthar ag an iarratasóir a úsáid mar thagairt in ionstraim airgeadais nó conradh airgeadais nó chun feidhmíocht ciste airgeadais a thomhas, nó laistigh de na teorainneacha ama a leagtar amach in Airteagal 24a(2) agus (3), de réir mar is infheidhme.
|
|
Airteagal 34 4.
|
Soláthróidh an t-iarratasóir an fhaisnéis ar fad atá riachtanach chun go bhféadfaidh an t-údarás inniúil a bheith deimhin de go mbeidh bunaithe ag an iarratasóir, tráth an údaraithe nó an chláraithe, na socruithe ar fad atá riachtanach chun na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 34 5.
|
Laistigh de 15 lá oibre ón iarratas a fháil, déanfaidh an t-údarás inniúil lena mbaineann a mheasúnú an bhfuil an t-iarratas comhlánaithe ina iomláine agus tabharfaidh sé fógra don iarratasóir dá réir. Má tá an t-iarratas neamhiomlán, cuirfidh an t-iarratasóir isteach an fhaisnéis bhreise atá de dhíth ar an údaráis inniúil ábhartha. Beidh feidhm ag an teorainn ama dá dtagraítear sa mhír seo ón dáta a sholáthraíonn an t-iarratasóir an fhaisnéis bhreise sin.
|
|
Airteagal 34 6.
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil ábhartha:
(a)
an t-iarratas ar údarú a scrúdú agus glacfaidh sé cinneadh chun an t-iarratasóir a údarú nó chun diúltú an t-iarratasóir a údarú laistigh de cheithre mhí ó iarratas atá comhlánaithe ina iomláine a fháil;
(b)
an t-iarratas ar údarú a scrúdú agus cinneadh a ghlacadh chun an t-iarratasóir a údarú nó chun diúltú an t-iarratasóir a údarú laistigh de 45 lá oibre ó iarratas a bheidh comhlánaithe ina iomláine a fháil.
Laistigh de chúig lá oibre ó chinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoin gcinneadh sin don iarratasóir. I gcás ina ndiúltaíonn an t-údarás inniúil an t-iarratasóir a údarú nó a chlárú, tabharfaidh sé cúiseanna lena chinneadh.
|
|
Airteagal 34 7.
|
Tabharfaidh an t-údarás inniúil, laistigh de chúig lá oibre ón dáta a nglacfar cinneadh den sórt, fógra d'ÚEUM maidir le haon chinneadh iarratasóir a údarú nó a chlárú.
|
|
Airteagal 34 8.
|
Forbróidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun an fhaisnéis atá le soláthar san iarratas ar údarú agus san iarratas ar chlárú a shonrú tuilleadh, agus cuirfidh sé san áireamh gur dhá phróiseas ar leith iad údarú agus clárú trína n-éilíonn údarú measúnú níos forleithne ar iarratas an riarthóra, prionsabal na comhréireachta, cineál na n-eintiteas faoi mhaoirseacht atá ag cur isteach ar chlárú faoi phointe (b) de mhír 1 agus na costais a bheidh ar na hiarratasóirí agus ar na húdaráis inniúla. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 1 Aibreán 2017. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|