|
+Airteagal 34 1. |
Airteagal 34 1.Aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá lonnaithe san Aontas agus ag a bhfuil sé beartaithe gníomhú mar riarthóir, déanfaidh sé nó sí iarratas chuig an údarás inniúil atá ainmnithe faoi Airteagal 40 den Bhallstát ina bhfuil an duine sin lonnaithe, nó chuig ÚEUM sna cásanna dá dtagraítear i mír 1a den Airteagal seo, chun go bhfaighidh an duine sin an méid seo a leanas:
(a)
údarú i gcás ina soláthraíonn sé nó sí innéacsanna nó i gcás ina bhfuil sé beartaithe aige nó aici iad a sholáthar, ar innéacsanna iad a úsáidtear nó atá beartaithe lena n-úsáid mar thagarmharcanna criticiúla, tagarmharcanna suntasacha, tagarmharcanna tráchtearraí faoi réir Iarscríbhinn II, Tagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras;
(b)
clárú i gcás inar eintiteas faoi mhaoirseacht é, seachas riarthóir, a sholáthraíonn innéacsanna nó ag a bhfuil sé beartaithe iad a sholáthar, ar innéacsanna iad a úsáidtear mar thagarmharcanna suntasacha nó atá beartaithe lena n-úsáid mar thagarmharcanna suntasacha, mar Thagarmharcanna Aistrithe Aeráide AE nó Tagarmharcanna AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, ar choinníoll nach bhfuil gníomhaíocht an tsoláthair tagarmhairc faoi chosc ag an disciplín earnálach is infheidhme i leith an eintitis faoi mhaoirseacht agus nach gcáileodh aon cheann de na hinnéacsanna a sholáthraítear mar thagarmharc criticiúil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|