|
+Airteagal 43 1. |
Airteagal 43 1.Áiritheoidh na Ballstáit, agus cineál agus leibhéal na smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile á gcinneadh acu, go gcuirfidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú acui gcomhréir le hAirteagal 40(2) san áireamh na cúinsí ábhartha uile, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, iad seo leanas:
(a)
a thromchúisí atá an sárú agus fad an tsáraithe;
(b)
a chriticiúla atá an tagarmharc don chobhsaíocht airgeadais agus don fhíorgheilleagar;
(c)
leibhéal freagrachta an duine atá freagrach;
(d)
neart airgeadais an duine atá freagrach, arna léiriú, go háirithe, le láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh fhreagraigh nó le hioncam bliantúil an duine nádúrtha fhreagraigh;
(e)
leibhéal an bhrabúis a ghnóthaigh nó leibhéal an chaillteanais a sheachain an duine atá freagrach, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(f)
leibhéal comhair an duine atá freagrach leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá atá le forghéilleadh na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó le forghéilleadh na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a áirithiú;
(g)
sáruithe a bhí déanta cheana ag an duine lena mbaineann;
(h)
bearta déanta, tar éis an tsáraithe, ag duine freagrach ionas nach dtarlódh an sárú arís. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|