+Airteagal 48b Iarraidh ar fhaisnéis
---+Airteagal 48b 1.
---+Airteagal 48b 2.
---+Airteagal 48b 3.
---+Airteagal 48b 4.
---+Airteagal 48b 5.

Airteagal 48b Iarraidh ar fhaisnéis

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 48b 1.

Féadfaidh ÚEUM, le hiarraidh shimplí nó le cinneadh, é a chur de cheangal ar na daoine seo a leanas an fhaisnéis uile is gá a thabhairt chun gur féidir le ÚEUM a dhualgais a dhéanamh faoin Rialachán seo.

(a) 

daoine atá bainteach le soláthar, na dtagarmharcanna criticiúla dá dtagraítear in Airteagal 40(1);

(b) 

tríú páirtithe a ndearna na daoine dá dtagraítear i bpointe (a) feidhmeanna nó gníomhaíochtaí a sheachfhoinsiú dóibh i gcomhréir le hAirteagal 10;

(c) 

daoine a bhfuil gaolmhaireacht nó baint dhlúth shubstainteach ar shlí eile acu leis na daoine dá dtagraítear i bpointe (a).

I gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 agus tar éis don ÚEUM sin a iarraidh, cuirfidh údaráis inniúla an iarraidh ar fhaisnéis chuig rannchuiditheoirí le tagarmharcanna criticiúla dá dtagraítear i bpointí (a) agus (c) d’Airteagal 20(1) den Rialachán seoagus roinnfidh siad gan mhoill mhíchuí an fhaisnéis a fhaightear le ÚEUM.

Airteagal 48b 2.

Le haon iarraidh shimplí ar fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, déanfar:

(a) 

tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b) 

cuspóir na hiarrata sin a lua;

(c) 

an fhaisnéis a éilítear a shonrú;

(d) 

teorainn ama a áireamh ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e) 

ráiteas a chur isteach nach bhfuil aon oibleagáid ar an duine a n-iarrfar an fhaisnéis air an fhaisnéis sin a thabhairt, ach i gcás ina dtabharfadh sé freagra ar an iarraidh sin dá dheoin féin, nach ceadmhach an fhaisnéis sin a chuirfidh sé ar fáil a bheith mícheart ná míthreorach;

(f) 

sonróidh sé cén méid a bheidh san fhíneáil atá le forchur i gcomhréir le hAirteagal 48f i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a tugadh mícheart nó míthreorach.

Airteagal 48b 3.

Agus é á chur de cheangal faisnéis a sholáthar faoi mhír 1 trí chinneadh, déanfaidh ÚEUM an méid seo a leanas:

(a) 

tagairt don Airteagal seo mar bhunús dlí na hiarrata sin;

(b) 

cuspóir na hiarrata sin a lua;

(c) 

an fhaisnéis a éilítear a shonrú;

(d) 

teorainn ama a shocrú ar laistigh di nach mór an fhaisnéis a chur ar fáil;

(e) 

sonróidh sé cé na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla dá bhforáiltear in Airteagal 48g i gcás ina mbeidh an fhaisnéis a éilíodh neamhiomlán;

(f) 

sonróidh sé cén méid a bheidh san fhíneáil dá bhforáiltear in Airteagal 48f, i gcás ina mbeidh na freagraí ar na ceisteanna a cuireadh mícheart nó míthreorach;

(g) 

a shonrú an ceart atá ann achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh os comhair Bhord Achomhairc ÚEUM agus an cinneadh a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘An Chúirt Bhreithiúnais’) lena athbhreithniú i gcomhréir le hAirteagal 48k den Rialachán seo agus le hAirteagail 60 agus 61 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

Airteagal 48b 4.
Maidir leis na daoine dá dtagraítear i mír 1 nó a n-ionadaithe agus, i gcás daoine dlítheanacha nó comhlachais nach bhfuil aon phearsantacht dhlítheanach acu, na daoine atá údaraithe ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann de réir dlí nó de réir a reachtanna, soláthróidh na daoine sin an fhaisnéis arna hiarraidh. Dlíodóirí atá údaraithe go cuí gníomhú, féadfaidh siad an fhaisnéis a sholáthar thar ceann a gcliant. Leanfaidh na cliaint sin de bheith freagrach go hiomlán má bhíonn an fhaisnéis a sholáthrófar neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
Airteagal 48b 5.
Déanfaidh ÚEUM, gan aon mhoill mhíchuí, cóip den iarraidh shimplí nó dá chinneadh a sheoladh chuig údarás inniúil Bhallstát na ndaoine dá dtagraítear i mír 1.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.