+Airteagal 48i Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh
---+Airteagal 48i 1.
---+Airteagal 48i 2.
---+Airteagal 48i 3.
---+Airteagal 48i 4.
---+Airteagal 48i 5.
---+Airteagal 48i 6.
---+Airteagal 48i 7.
---+Airteagal 48i 8.
---+Airteagal 48i 9.
---+Airteagal 48i 10.
---+Airteagal 48i 11.
|
Airteagal 48i Rialacha nós imeachta maidir le bearta maoirseachta a dhéanamh agus maidir le fíneálacha a ghearradh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 48i 1.
|
►M6
I gcás ina bhfaigheann ÚEUM, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, go bhfuil comharthaí tromchúiseacha ann a léiríonn go bhféadfadh sé gurbh ann d’fhíorais a d’fhéadfadh a bheith ina gceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 42(1), pointe (a), nó de chás de neamh-chomhoibriú nó neamhchomhlíonadh maidir le himscrúdú nó le hiniúchadh nó iarraidh a chumhdaítear le Roinn 1 de Chaibidil 4, ceapfaidh ÚEUM oifigeach neamhspleách imscrúdúcháin laistigh de ÚEUM chun an t-ábhar a imscrúdú. ◄ Ní ghlacfaidh an t-oifigeach ceaptha páirt ná ní bheidh páirt glactha aige, go díreach ná go neamhdhíreach, i maoirseacht na dtagarmharcanna lena mbaineann an sárú agus feidhmeoidh sé nó sí a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna neamhspleách ar Bhord Maoirseoirí ÚEUM.
|
|
Airteagal 48i 2.
|
Déanfaidh an t-oifigeach imscrúdúcháin dá dtagraítear i mír 1 na líomhaintí maidir le sáruithe a fhiosrú, agus aon bharúlacha a chuir daoine atá faoi reir imscrúdú isteach á gcur san áireamh agus cuirfidh sé comhad iomlán, ina mbeidh a chuid cinntí nó a cuid cinntí san áireamh, faoi bhráid an Bhoird Maoirseoirí.
|
|
Airteagal 48i 3.
|
Chun a chúraimí nó a curaimí a dhéanamh, beidh ag an oifigeach imscrúdúcháin an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 48b agus imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 48c agus Airteagal 48d.
|
|
Airteagal 48i 4.
|
Agus na cúraimí sin á ndéanamh aige, beidh rochtain ag an oifigeach imscrúdúcháin ar gach doiciméad agus faisnéis atá bailithe ag ÚEUM ina ghníomhaíochtaí maoirseachta.
|
|
Airteagal 48i 5.
|
Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin a imscrúdú a chríochnú agus sula ndéanfaidh sé nó sí an comhad ina bhfuil a chuid cinntí nó a cuid cinntí a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé deis do na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe éisteacht a fháil maidir leis na hábhair atá á n-imscrúdú. Is ar na fíorais sin a raibh deis ag na páirtithe lena mbaineann a dtuairimí a thabhairt ina leith agus ar na fíorais sin amháin a bhunóidh an t-oifigeach imscrúdúcháin a chuid cinntí nó a cuid cinntí.
|
|
Airteagal 48i 6.
|
Déanfar cearta cosanta na ndaoine atá faoi réir imscrúdú a urramú go hiomlán le linn na n-imscrúduithe a dhéanfar de bhun an Airteagail seo.
|
|
Airteagal 48i 7.
|
Tar éis don oifigeach imscrúdúcháin an comhad ina bhfuil a chinneadh nó a cinneadh a chur faoi bhráid Bhord Maoirseoirí ÚEUM, tabharfaidh sé fógra do na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe. Beidh na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe i dteideal fáil a bheith acu ar an gcomhad, faoi réir leas dlisteanach daoine eile maidir lena rúin ghnó a chosaint. Ní bheidh faisnéis rúnda a dhéanann difear do thríú páirtithe san áireamh sa cheart rochtain a fháil ar an gcomhad.
|
|
Airteagal 48i 8.
|
Ar bhonn an chomhaid ina bhfuil cinntí ón oifigeach imscrúdúcháin agus, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, déanfaidh ÚEUM, tar éis éisteacht a thabhairt do na daoine sin i gcomhréir le hAirteagal 48j, a chinneadh an bhfuil ceann amháin nó níos mó de na sáruithe a liostaítear in Airteagal 42(1), pointe (a), nó cás de neamh-chomhoibriú nó neamhchomhlíonadh maidir le himscrúdú nó le hiniúchadh nó iarraidh a chumhdaítear le Roinn 1 de Chaibidil 4, déanta ag na daoine atá faoi réir an imscrúdaithe, agus sa chás sin, déanfaidh sé beart maoirseachta i gcomhréir le hAirteagal 48e agus gearrfaidh sé fíneáil i gcomhréir le hAirteagal 48f, de réir mar is infheidhme.
|
|
Airteagal 48i 9.
|
Ní bheidh an t-oifigeach imscrúdúcháin rannpháirteach i bpléití Bhord Maoirseoirí ÚEUM ná ní dhéanfaidh sé idiragairt ar aon bhealach eile i bpróiseas cinnteoireachta Bhord Maoirseoirí ÚEUM.
|
|
Airteagal 48i 10.
|
Faoin 1 Deireadh Fómhair 2021, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 49 chun na rialacha nós imeachta a shonrú maidir le feidhmiú na cumhachta fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh, lena n-áirítear forálacha maidir le cearta cosanta, forálacha ama, agus fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bhailiú, agus maidir le rialacha mionsonraithe i dtaca leis na tréimhsí teorann chun fíneálacha nó íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a ghearradh agus a fhorfheidhmiú.
|
|
Airteagal 48i 11.
|
Déanfaidh ÚEUM ábhair i gcomhair ionchúiseamh coiriúil a tharchur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha i gcás ina n-aimseoidh sé, agus a dhualgais faoin Rialachán seo á ndéanamh aige, comharthaí tromchúiseacha gur féidir gurb ann d’fhíorais a léireodh cionta coiriúla. Ina theannta sin, ní ghearrfaidh ÚEUM fíneálacha ná íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla más rud é, maidir le héigiontú ná le ciontú a rinneadh roimhe sin a tháinig as fíoras nó fíorais arb ionann iad beagnach, go bhfuil feidhm res judicata bainte amach aige cheana mar thoradh ar imeachtaí coiriúla faoin dlí náisiúnta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|