Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 3(2), 13(2a), 19a(2), 19c(1), 20(6),
►M6
24(9)
◄ , 27(2b), 33(7), 51(6) agus 54(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón
►M6
30 Meitheamh 2024
◄ . Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná
►M6
31 Nollaig 2029
◄ , tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.