+Airteagal 51 5.

Airteagal 51 5.

Mura rud é go mbeidh cinneadh coibhéise amhail dá dtagraítear i mír (2) nó (3) d’Airteagal 30 glactha ag an gCoimisiún, go mbeidh aitheantas tugtha do riarthóir de bhun Airteagal 32 nó go mbeidh tagarmharc formhuinithe de bhun Airteagal 33, ní cheadófar d’eintitis faoi mhaoirseacht úsáid a bhaint san Aontas as tagarmharc tríú tír, ach amháin le haghaidh ionstraimí airgeadais, conarthaí airgeadais agus tomhais ar fheidhmíocht ciste infheistíochta a dhéanann tagairt cheana féin don tagarmharc sin nó a chuireann tagairt le tagarmharc den sórt sin roimh an 31 Nollaig 2023.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le tagarmharcanna arna soláthar ag riarthóirí a athlonnaíonn as an Aontas chuig tríú tír le linn na hidirthréimhse. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra do ESMA i gcomhréir le hAirteagal 35. Déanfaidh ESMA liosta de thagarmharcanna tríú tír nach mbeidh feidhm ag an gcéad fhomhír ina leith a tharraingt suas.

I gcás ina bhfaigheann ÚEUM, faoin 31 Nollaig 2025, iarratas ar aitheantas de bhun Airteagal 32(5) ó riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír a sholáthraíonn Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó tagarmharc tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II, nó iarratas ar fhormhuiniú de bhun Airteagal 33(1) le haghaidh Tagarmharc AE atá ailínithe le Comhaontú Pháras, Tagarmharc Aistrithe Aeráide AE nó tagarmharc tráchtearraí atá faoi réir Iarscríbhinn II arna soláthar ag riarthóir atá lonnaithe i dtríú tír, féadfar an tagarmharc lena mbaineann a úsáid le haghaidh ionstraimí airgeadais agus conarthaí airgeadais atá ann cheana agus atá nua, mura rud é go ndiúltóidh ÚEUM aitheantas a riarthóra nó a fhormhuiniú agus go dtí go ndiúltóidh amhlaidh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32016R1011
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.