+Airteagal 11 Comhoibriú idir oibreoirí bonneagair mhargaidh DLT, údaráis inniúla agus ESMA
---+Airteagal 11 1
---+Airteagal 11 2
---+Airteagal 11 3
---+Airteagal 11 4
---+Airteagal 11 5
---+Airteagal 11 6
|
Airteagal 11 Comhoibriú idir oibreoirí bonneagair mhargaidh DLT, údaráis inniúla agus ESMA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1
|
1. Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 agus do Threoir 2014/65/AE, oibreoidh oibreoirí bonneagair mhargaidh DLT i gcomhar leis na húdaráis inniúla.
Go háirithe, tabharfaidh oibreoirí bhonneagair margaidh DLT fógra dá n-údaráis inniúla gan mhoill a luaithe a bheidh siad ar an eolas faoi aon cheann de na hábhair seo a leanas:
|
(a)
|
aon athrú ábhartha beartaithe ar a bplean gnó, lena n-áirítear athruithe i ndáil leis an bhfoireann chriticiúil, rialacha bhonneagair mhargaidh DLT agus na téarmaí dlíthiúla;
|
|
(b)
|
aon fhianaise ar rochtain neamhúdaraithe, mífheidhmiú ábhartha, caillteanas, cibear-ionsaithe nó cibearbhagairtí eile, calaois, goid nó faillí thromchúiseach a bhain d’oibreoir an bhonneagair margaidh DLT;
|
|
(c)
|
aon athrú ábhartha ar an bhfaisnéis a soláthraíodh don údarás inniúil;
|
|
(d)
|
aon deacrachtaí teicniúla nó oibríochtúla maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéanamh nó na seirbhísí a sholáthar atá faoi réir an cheada shonraigh, lena n-áirítear deacrachtaí a bhaineann le forbairt nó le húsáid na teicneolaíochta mórleabhar dáilte agus ionstraimí airgeadais DLT; nó
|
|
(e)
|
aon riosca a dhéanann difear do chosaint infheisteoirí, do shláine an mhargaidh nó do chobhsaíocht airgeadais atá tagtha chun cinn agus nach raibh súil leo san iarratas ina n-iarrtar cead sonrach nó nach raibh súil leo an tráth a tugadh an cead sonrach.
|
Tabharfar fógra faoi na hathruithe dá dtagraítear sa dara fomhír, pointe (a) ceithre mhí ar a laghad sula mbeidh an t-athrú beartaithe, gan beann ar cé acu an éilítear leis an athrú ábhartha atá beartaithe athrú ar an gcead sonrach nó ar na díolúintí nó na coinníollacha gaolmhara a bhaineann leis na díolúintí sin i gcomhréir le hAirteagal 8, 9 nó 10.
I gcás ina dtabharfar fógra faoi na hábhair a liostaítear i bpointí (a) go (e) den dara fomhír, féadfaidh an t-údarás inniúil a cheangal ar oibreoir bhonneagar margaidh DLT iarratas a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 8(13), le hAirteagal 9(13) nó le hAirteagal 10(13), nó féadfaidh sé a cheangal ar oibreoir bhonneagar margaidh DLT bearta ceartaitheacha a dhéanamh dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 11 2
|
2. Maidir leis an údarás inniúil, déanfaidh oibreoir bhonneagar margaidh DLT aon fhaisnéis ábhartha a theastaíonn uaidh a sholáthar dó.
|
|
Airteagal 11 3
|
3. Féadfaidh an t-údarás inniúil aon bheart ceartaitheach a cheangal i leith phlean gnó de chuid oibreoir bhonneagar margaidh DLT, ar rialacha an bhonneagair margaidh DLT agus ar théarmaí dlíthiúla chun cosaint infheisteoirí, sláine an mhargaidh agus cobhsaíocht airgeadais a áirithiú. Déanfaidh oibreoir bhonneagar margaidh DLT tuairisciú maidir le cur chun feidhme aon bhearta ceartaitheacha arna n-éileamh ag an údarás inniúil ina thuarascálacha dá dtagraítear i mír 4.
|
|
Airteagal 11 4
|
4. Gach sé mhí tar éis dháta an cheada shonraigh, cuirfidh oibreoir bhonneagar margaidh DLT tuarascáil faoi bhráid an údaráis inniúil. Áireofar an méid seo a leanas sa tuarascáil sin:
|
(a)
|
achoimre ar an bhfaisnéis a liostaítear i mír 1, an dara fomhír;
|
|
(b)
|
líon agus luach ionstraimí airgeadais DLT a ligtear isteach chun a dtrádála ar MTF DLT nó TSS DLT agus líon agus luach ionstraimí airgeadais DLT arna dtaifeadadh ag oibreoir SS DLT nó TSS DLT;
|
|
(c)
|
líon agus luach na n-idirbheart arna dtrádáil ar MTF DLT nó TSS DLT agus arna socrú ag oibreoir SS DLT nó TSS DLT;
|
|
(d)
|
measúnú réasúnaithe ar aon deacracht maidir le reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais nó le dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm; agus
|
|
(e)
|
aon ghníomhaíochtaí a glacadh chun na coinníollacha a ghabhann leis na díolúintí a chur chun feidhme nó chun aon bheart cúiteach nó ceartaitheach arna éileamh ag an údarás inniúil a chur chun feidhme.
|
|
|
Airteagal 11 5
|
5. Beidh ról comhordúcháin i leith údaráis inniúla ag ESMA d’fhonn comhthuiscint a fhorbairt maidir le teicneolaíocht mórleabhar dáilte agus bonneagar margaidh DLT, d’fhonn cultúr coiteann maoirseachta agus cóineasú cleachtas maoirseachta a bhunú, agus d’fhonn cineálacha cur chuige comhsheasmhach agus cóineasú a áirithiú i dtorthaí maoirseachta.
Déanfaidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis agus na tuarascálacha a fhaightear ó oibreoirí bhonneagair mhargaidh DLT de bhun mhír 1, mhír 2 agus mhír 4 den Airteagal seo a chur ar aghaidh go tráthúil chuig ESMA agus cuirfidh siad ESMA ar an eolas maidir le haon bhearta a rinneadh de bhun mhír 3 den Airteagal seo.
Cuirfidh ESMA na húdaráis inniúla ar an eolas ar bhonn rialta maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a)
|
aon tuarascálacha a thíolacfar de bhun mhír 4 den Airteagal seo;
|
|
(b)
|
na ceadanna sonracha agus na díolúintí arna ndeonú faoin Rialachán seo chomh maith leis na coinníollacha a ghabhann leis na díolúintí sin;
|
|
(c)
|
aon diúltú ag údarás inniúil cead sonrach nó díolúine a thabhairt, aon tarraingt siar ar chead sonrach nó díolúine agus aon scor de ghnó bonneagair margaidh DLT.
|
|
|
Airteagal 11 6
|
6. Déanfaidh ESMA faireachán ar chur i bhfeidhm ceadanna sonracha, agus aon díolúintí agus coinníollacha gaolmhara a ghabhann leis na díolúintí sin, chomh maith le haon bhearta cúiteacha nó ceartaitheacha a éilíonn na húdaráis inniúla. Cuirfidh ESMA tuarascáil bhliantúil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an gcaoi a gcuirtear na ceadanna sonracha, na díolúintí, na coinníollacha agus na bearta cúiteacha nó ceartaitheacha sin i bhfeidhm sa chleachtas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.06.2022 00:00:00 -Doknr: CELEX:32022R0858
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|