4. Roimh dheireadh na tréimhse dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Údarás um Fhrithsciúradh Airgid agus um Chomhrac Mhaoiniú na Sceimhlitheoireachta arna bhunú le Rialachán (AE) 2024/1620 (AMLA) tuairim mhionsonraithe a eisiúint i dtaobh na ngnéithe seo a leanas den bheart atá á bheartú:
|
(a)
|
an bhfuil sé leordhóthanach chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a sainaithníodh, go háirithe a mhéid a bhaineann na rioscaí arna sainaithint ag an mBallstát leis an margadh inmheánach;
|
|
(b)
|
an bhféadfadh sé bacainní a chur ar shaorghluaiseacht seirbhísí nó caipitil nó ar shaoirse bunaíochta soláthraithe seirbhíse laistigh den mhargadh inmheánach nach bhfuil comhréireach leis na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta, arb é is aidhm don bheart iad a mhaolú.
|
Leis an tuairim mhionsonraithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, léireofar freisin an bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún gníomhaíocht a mholadh ar leibhéal an Aontais.