10. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha, laistigh de 30 lá oibre tar éis neamhréireacht a bheith tuairiscithe ag údarás inniúil nó ag eintiteas faoi oibleagáid, bearta iomchuí chun na neamhréireachtaí tuairiscithe a réiteach de bhun Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1624, lena n-áirítear trí leasú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá sna cláir lárnacha i gcás ina bhfuil an t-eintiteas in ann an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a fhíorú. Áireofar tagairt shonrach sna cláir lárnacha do na neamhréireachtaí arna dtuairisciú go dtí go réiteofar an neamhréireacht agus beidh an tagairt sin infheicthe ag aon duine nó eintiteas dá ndeonaítear rochtain faoi Airteagail 11 agus 12 den Treoir seo.
I gcás inar de chineál casta an neamhréireacht agus nach féidir leis na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha í a réiteach laistigh de 30 lá oibre, déanfaidh siad an cás a thaifeadadh chomh maith leis na bearta a rinneadh, agus déanfaidh siad aon bheart is gá chun an neamhréireacht a réiteach a luaithe is féidir.