+Airteagal 10 Na cláir lárnacha um úinéireacht thairbhiúil
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
---+Airteagal 10 4
---+Airteagal 10 5
---+Airteagal 10 6
---+Airteagal 10 7
---+Airteagal 10 8
---+Airteagal 10 9
---+Airteagal 10 10
---+Airteagal 10 11
---+Airteagal 10 12
---+Airteagal 10 13
---+Airteagal 10 14
---+Airteagal 10 15
---+Airteagal 10 16
---+Airteagal 10 17
---+Airteagal 10 18
---+Airteagal 10 19
---+Airteagal 10 20
---+Airteagal 10 21
|
Airteagal 10 Na cláir lárnacha um úinéireacht thairbhiúil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil dá dtagraítear in Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2024/1624 an ráiteas de bhun Airteagal 63(4) den Rialachán sin agus faisnéis i ndáil le socruithe faoi ainmnithigh dá dtagraítear in Airteagal 66 den Rialachán sin a choimeád i gclár lárnach sa Bhallstát ina bhfuil an t-eintiteas dlítheanach cruthaithe nó ina bhfuil iontaobhaí iontaobhais shainráite nó duine a bhfuil post coibhéiseach aige nó aici i socrú dlíthiúil comhchosúil, bunaithe nó a bhfuil cónaí air ann, nó óna ndéantar an socrú dlíthiúil a riar. Ní bheidh feidhm ag an gceanglas sin maidir le heintitis dhlítheanacha ná socruithe dlíthiúla dá dtagraítear in Airteagal 65 de Rialachán (AE) 2024/1624.
Beidh an fhaisnéis atá sa chlár lárnach um úinéireacht thairbhiúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír (‘an clár lárnach’) ar fáil i bhformáid mheaisín-inléite agus baileofar í i gcomhréir leis na gníomhartha cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 6.
|
|
Airteagal 10 2
|
2. De mhaolú ar an gcéad fhomhír de mhír 1, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil, dá dtagraítear in Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2024/1624 de chuid eintiteas dlítheanach eachtrach agus socruithe dlíthiúla eachtracha dá dtagraítear in Airteagal 67 den Rialachán sin a choimeád i gclár lárnach sa Bhallstát i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 67 den Rialachán sin. Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh tásc sa chlár lárnach maidir leis an staid a liostaítear in Airteagal 67(1) de Rialachán (AE) 2024/1624 lena spreagtar clárú an eintitis dhlítheanaigh eachtraigh nó an tsocraithe dhlíthiúil eachtraigh.
|
|
Airteagal 10 3
|
3. I gcás ina bhfuil iontaobhaithe iontaobhais shainráite nó daoine a bhfuil poist choibhéiseacha acu i socrú dlíthiúil comhchosúil bunaithe nó ina bhfuil cónaí orthu i mBallstáit éagsúla, beidh deimhniú cruthúnais ar chlárú nó sliocht as an bhfaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil arna coimeád i gclár lárnach ag Ballstát amháin leordhóthanach chun go measfaí go bhfuil an oibleagáid chlárúcháin á comhlíonadh.
|
|
Airteagal 10 4
|
4. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha a iarraidh ar eintitis dhlítheanacha, ar iontaobhaithe aon iontaobhais shainráite agus ar dhaoine a bhfuil post coibhéiseach acu i socrú dlíthiúil comhchosúil, agus ar a n-úinéirí dlíthiúla agus tairbhiúla, aon fhaisnéis is gá chun a n-úinéirí tairbhiúla a shainaithint agus a fhíorú, lena n-áirítear, rúin de chuid an bhoird stiúrthóirí agus miontuairiscí a gcruinnithe, a gcomhaontuithe comhpháirtíochta, a ngníomhais iontaobhais, a gcumhacht aturnae nó a gcomhaontuithe conarthacha agus doiciméadú eile.
|
|
Airteagal 10 5
|
5. I gcás nach sainaithnítear aon duine mar an t-úinéir tairbhiúil de bhun Airteagal 63(3) agus Airteagal 64(6) de Rialachán (AE) 2024/1624, áireofar an méid seo a leanas sa chlár lárnach:
|
(a)
|
ráiteas nach bhfuil aon úinéir tairbhiúil ann nó nárbh fhéidir na húinéirí tairbhiúla a chinneadh, agus bonn cirt comhfhreagrach ag gabháil leis de bhun Airteagal 63(4), pointe (a) agus Airteagal 64(7), pointe (a), de Rialachán (AE) 2024/1624;
|
|
(b)
|
mionsonraí na ndaoine nádúrtha uile a bhfuil post mar oifigeach bainistíochta sinsearaí acu san eintiteas dlítheanach atá coibhéiseach leis an bhfaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 62 (1), an dara fomhír, pointe (a) de Rialachán (AE) 2024/1624.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (a), ar fáil d’údaráis inniúla, agus do AMLA freisin chun críocha anailísí comhpháirteacha de bhun Airteagal 32 den Treoir seo agus Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1620, do chomhlachtaí féinrialála agus d'eintitis faoi oibleagáid. Mar sin féin, ní bheidh rochtain ag eintitis faoi oibleagáid ach ar an ráiteas a chuir an t-eintiteas dlítheanach nó an socrú dlíthiúil isteach, ach amháin má thuairiscíonn siad neamhréireacht de bhun Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1624 nó má sholáthraíonn siad cruthúnas ar na bearta atá déanta acu chun úinéirí tairbhiúla an eintitis dhlítheanaigh nó an tsocraithe dhlíthiúil a shainaithint, agus sa chás sin beidh siad in ann rochtain a fháil ar an réasúnú freisin.
|
|
Airteagal 10 6
|
6. Faoin 10 Iúil 2025, bunóidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an fhormáid chun faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil dá dtagraítear in Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2024/1624 a chur isteach chuig an gclár lárnach, lena n-áirítear seicliosta de na híoscheanglais don fhaisnéis atá le scrúdú ag an eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 72(2) den Treoir seo.
|
|
Airteagal 10 7
|
7. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil atá á coimeád sna cláir lárnacha leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta, agus cuirfidh siad sásraí ar bun chuige sin. Chun na críche sin, cuirfidh na Ballstáit na ceanglais seo a leanas ar a laghad i bhfeidhm:
|
(a)
|
fíoróidh eintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha, laistigh de thréimhse réasúnach ama tar éis faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a bheith curtha isteach agus ar bhonn tráthrialta ina dhiaidh sin, go bhfuil an fhaisnéis sin leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta;
|
|
(b)
|
na húdaráis inniúla, más iomchuí agus a mhéid nach gcuireann ceanglas den sórt seo isteach gan chúis ar a bhfeidhmeanna, tuairisceoidh siad do na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha aon neamhréireachtaí a thagann dá n-aire idir an fhaisnéis atá ar fáil sna cláir lárnacha agus an fhaisnéis atá ar fáil dóibh féin.
|
Beidh méid agus minicíocht an fhíoraithe dá dtagraítear i bpointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo ar comhréir leis na rioscaí a bhaineann leis na catagóirí eintiteas dlítheanacha agus socruithe dlíthiúla a shainaithnítear de bhun Airteagal 7(3), pointe (d) agus Airteagal 8(4), pointe (c).
Faoin 10 Iúil 2028, eiseoidh an Coimisiún moltaí maidir leis na modhanna agus na nósanna imeachta a bheidh le húsáid ag eintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha chun faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a fhíorú agus ag eintitis faoi oibleagáid agus údaráis inniúla chun neamhréireachtaí maidir le faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a shainaithint agus a thuairisciú.
|
|
Airteagal 10 8
|
8. Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar san fhaisnéis atá sna cláir lárnacha aon athrú ar úinéireacht thairbhiúil eintiteas dlítheanach agus socruithe dlíthiúla agus ar shocruithe faoi ainmnithigh, tar éis iad a thaifeadadh den chéad uair sa chlár lárnach.
|
|
Airteagal 10 9
|
9. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfíoróidh na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha an mbaineann an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil atá sna cláir lárnacha sin le daoine nó le heintitis atá ainmnithe i ndáil le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe. Déanfar an fíorú sin láithreach tar éis ainmniú i ndáil le smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe agus go tráthrialta.
Áiritheoidh na Ballstáit go n-áireofar san fhaisnéis atá sna cláir lárnacha tásc go bhfuil baint ag an eintiteas dlítheanach le daoine nó eintitis atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe, in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
eintiteas dlítheanach nó socrú dlíthiúil atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe;
|
|
(b)
|
eintiteas dlítheanach nó socrú dlíthiúil atá á rialú ag duine nó eintiteas atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe;
|
|
(c)
|
úinéir tairbhiúil eintitis dhlítheanaigh nó socraithe dhlíthiúil atá faoi réir smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe.
|
Beidh an tásc dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo infheicthe ag aon duine nó eintiteas dá ndeonaítear rochtain ar an bhfaisnéis sna cláir lárnacha de bhun Airteagail 11 agus 12, agus fanfaidh sé de bheith ann go dtí go gcuirfear deireadh leis na smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe.
|
|
Airteagal 10 10
|
10. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha, laistigh de 30 lá oibre tar éis neamhréireacht a bheith tuairiscithe ag údarás inniúil nó ag eintiteas faoi oibleagáid, bearta iomchuí chun na neamhréireachtaí tuairiscithe a réiteach de bhun Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2024/1624, lena n-áirítear trí leasú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá sna cláir lárnacha i gcás ina bhfuil an t-eintiteas in ann an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a fhíorú. Áireofar tagairt shonrach sna cláir lárnacha do na neamhréireachtaí arna dtuairisciú go dtí go réiteofar an neamhréireacht agus beidh an tagairt sin infheicthe ag aon duine nó eintiteas dá ndeonaítear rochtain faoi Airteagail 11 agus 12 den Treoir seo.
I gcás inar de chineál casta an neamhréireacht agus nach féidir leis na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha í a réiteach laistigh de 30 lá oibre, déanfaidh siad an cás a thaifeadadh chomh maith leis na bearta a rinneadh, agus déanfaidh siad aon bheart is gá chun an neamhréireacht a réiteach a luaithe is féidir.
|
|
Airteagal 10 11
|
11. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht don eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach, cibé acu go díreach nó trí iarratas a chur faoi bhráid údarás eile, lena n-áirítear údaráis bhreithiúnacha, seiceálacha a dhéanamh, lena n-áirítear cigireachtaí ar an láthair ag áitreabh gnó nó oifig chláraithe eintiteas dlítheanach, chun úinéireacht thairbhiúil reatha an eintitis a shainaithint agus chun a fhíorú go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear isteach sa chlár lárnach cruinn, leordhóthanach agus cothrom le dáta. Ní chuirfear srian, bac ná cosc ar cheart an eintitis atá i gceannas ar an gclár lárnach faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a fhíorú.
I gcás inar eintiteas faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointe (3)(a), (b) nó (c), de Rialachán (AE) 2024/1624, é an t-iontaobhaí nó an duine a bhfuil post coibhéiseach aige nó aici, áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht don eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach seiceálacha a dhéanamh freisin, lena n-áirítear cigireachtaí ar an láthair, ag áitreabh gnó nó oifig chláraithe an iontaobhaí nó an duine i bpost coibhéiseach. Leis na seiceálacha sin, cloífear leis na coimircí seo a leanas ar a laghad:
|
(a)
|
maidir le daoine nádúrtha, i gcás inarb ionann an t-áitreabh gnó nó an oifig chláraithe agus áit chónaithe phríobháideach an duine nádúrtha, beidh an chigireacht ar an láthair faoi réir údarú breithiúnach roimh ré;
|
|
(b)
|
déanfar aon choimirce nós imeachta atá ar bun sa Bhallstát chun an phribhléid dhlíthiúil a chosaint a urramú agus ní dhéanfar aon fhaisnéis a chosnaítear leis an bpribhléid dhlíthiúil a rochtain.
|
Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht do na heintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha faisnéis a iarraidh ó chláir eile, lena n-áirítear i dtríú tíortha, a mhéid atá faisnéis den sórt sin riachtanach chun feidhmeanna na n-eintiteas sin a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 10 12
|
12. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na sásraí uathoibrithe is gá ar fáil d’eintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha chun na fíoruithe dá dtagraítear i mír 7, pointe (a) agus mír 9 a dhéanamh, lena n-áirítear trí fhaisnéis atá sna cláir sin a chur i gcomparáid le faisnéis atá i seilbh foinsí eile.
|
|
Airteagal 10 13
|
13. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanfar fíorú dá dtagraítear i mír 7, pointe (a) tráth a chuirtear isteach faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil, agus ina dtagann sé mar thoradh ar fhíorú den sórt sin go gcinneann eintiteas atá i gceannas ar chlár lárnach go bhfuil neamhréireachtaí nó earráidí san fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil, go mbeidh an t-eintiteas atá i gceannas ar chlár lárnach in ann eisiúint an deimhnithe bhailí ar chruthúnas cláraithe a choinneáil siar nó a dhiúltú.
|
|
Airteagal 10 14
|
14. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanfar fíorú dá dtagraítear i mír 7, pointe (a), tar éis faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a bheith curtha isteach, agus ina gcinneann eintiteas atá i gceannas ar chlár lárnach de thoradh fíorú den sórt sin nach bhfuil an fhaisnéis leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta a thuilleadh, go mbeidh an t-eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach in ann bailíocht an deimhnithe ar chlárúchán a chur ar fionraí go dtí go measfaidh sé go bhfuil an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a chuirtear ar fáil in ord, ach amháin i gcás ina bhfuil na neamhréireachtaí teoranta d’earráidí cló, modhanna éagsúla traslitrithe, nó mion-mhíchruinnis nach ndéanann difear do shainaithint na n-úinéirí tairbhiúla ná dá leas tairbhiúil.
|
|
Airteagal 10 15
|
15. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar de chumhacht don eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach bearta éifeachtacha, comhréireacha, athchomhairleacha a chur i bhfeidhm, cibé go díreach nó trí iarratas a dhéanamh ar údarás eile, lena n-áirítear údaráis bhreithiúnacha, nó smachtbhannaí airgid den sórt sin a fhorchur i leith teipeanna, lena n-áirítear teipeanna leantacha, chun faisnéis chruinn, leordhóthanach agus cothrom le dáta a sholáthar don chlár lárnach maidir lena n-úinéireacht thairbhiúil.
|
|
Airteagal 10 16
|
16. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 chun Treoir seo a fhorlíonadh trí thásca a shainiú chun aicmiú a dhéanamh ar leibhéal tromchúise na dteipeanna faisnéis leordhóthanach, chruinn agus cothrom le dáta a thuairisciú do na cláir lárnach, lena n-áirítear i gcás teipeanna leantacha.
|
|
Airteagal 10 17
|
17. Áiritheoidh na Ballstáit, más rud é, le linn na seiceálacha arna ndéanamh de bhun an Airteagail seo, nó ar aon bhealach eile, go n-aimseoidh na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha fíorais a d’fhéadfadh a bheith bainteach le sciúradh airgid nó le maoiniú na sceimhlitheoireachta, go ndéanfaidh siad an méid sin a chur in iúl don FIU go pras.
|
|
Airteagal 10 18
|
18. Agus a gcúraimí á gcomhlíonadh ag na heintitis atá i gceannas ar chláir lárnacha, áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh siad a bhfeidhmeanna a chur i gcrích saor ó thionchar míchuí agus go gcuirfidh na heintitis sin chun feidhme caighdeáin dá bhfostaithe a mhéid a bhaineann le coinbhleachtaí leasa agus rúndacht dhocht.
|
|
Airteagal 10 19
|
19. Déanfar na cláir lárnacha a idirnascadh trí bhíthin an Ardáin Lárnaigh Eorpaigh arna bhunú le hAirteagal 22(1) de Threoir (AE) 2017/1132.
|
|
Airteagal 10 20
|
20. Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 le fáil trí na cláir lárnacha agus trí chóras idirnasctha na gclár lárnach ar feadh 5 bliana tar éis don eintiteas dlítheanach a bheith díscaoilte nó tar éis deireadh a theacht leis an socrú dlíthiúil.
Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta maidir le fianaise is infheidhme i ndáil le himscrúduithe coiriúla leanúnacha agus imeachtaí dlíthiúla leanúnacha, féadfaidh na Ballstáit, i gcásanna sonracha, cead a thabhairt an fhaisnéis sin a choinneáil, nó a cheangal go gcoinneofar an fhaisnéis sin, ar feadh uastréimhse bhreise 5 bliana, i gcás inar chinn na Ballstáit go bhfuil gá leis an gcoinneáil bhreise sin agus go bhfuil sí comhréireach chun sciúradh airgid, nó maoiniú sceimhlitheoireachta amhrasta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.
Ar dhul in éag don tréimhse choinneála dá dtagraítear sa chéad fhomhír, áiritheoidh na Ballstáit go scriosfar na sonraí pearsanta ó na cláir lárnacha.
|
|
Airteagal 10 21
|
21. Faoin 10 Iúil 2031 [7 mbliana ó dháta theacht i bhfeidhm na Treorach seo, déanfaidh an Coimisiún, tuarascáil a fhoilsiú ina mbeidh an méid seo a leanas:
|
(a)
|
measúnú ar éifeachtacht na mbeart arna ndéanamh ag na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha chun a áirithiú go bhfuil faisnéis leordhóthanach, cothrom le dáta agus chruinn acu;
|
|
(b)
|
cur síos ar na príomhchineálacha neamhréireachtaí arna sainaithint ag eintitis faoi oibleagáid agus ag údaráis inniúla i ndáil leis an bhfaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil atá á coimeád cláir lárnacha;
|
|
(c)
|
dea-chleachtais agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí maidir leis na bearta arna ndéanamh ag na heintitis atá i gceannas ar na cláir lárnacha chun a áirithiú go mbeidh faisnéis leordhóthanach, chruinn agus cothrom le dáta sna cláir sin;
|
|
(d)
|
forléargas ar ghnéithe gach cláir lárnaigh arna chur ar bun ag na Ballstáit, lena n-áirítear faisnéis maidir le sásraí chun a áirithiú go gcoimeádfar an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil atá á coimeád sna cláir sin cruinn, leordhóthanach agus cothrom le dáta;
|
|
(e)
|
measúnú ar chomhréireacht na dtáillí a fhorchuirtear chun rochtain a fháil ar fhaisnéis atá á coimeád sna cláir lárnacha.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|