14. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéanfar fíorú dá dtagraítear i mír 7, pointe (a), tar éis faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a bheith curtha isteach, agus ina gcinneann eintiteas atá i gceannas ar chlár lárnach de thoradh fíorú den sórt sin nach bhfuil an fhaisnéis leordhóthanach, cruinn agus cothrom le dáta a thuilleadh, go mbeidh an t-eintiteas atá i gceannas ar an gclár lárnach in ann bailíocht an deimhnithe ar chlárúchán a chur ar fionraí go dtí go measfaidh sé go bhfuil an fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil a chuirtear ar fáil in ord, ach amháin i gcás ina bhfuil na neamhréireachtaí teoranta d’earráidí cló, modhanna éagsúla traslitrithe, nó mion-mhíchruinnis nach ndéanann difear do shainaithint na n-úinéirí tairbhiúla ná dá leas tairbhiúil.