4. Féadfaidh na Ballstáit a roghnú faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil atá á coimeád ina gcláir lárnacha a chur ar fáil d’eintitis faoi oibleagáid ar tháille a íoc, a bheidh teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun na costais a chumhdach a bhaineann le cáilíocht na faisnéise atá á coimeád sna cláir lárnacha a áirithiú agus leis an bhfaisnéis a chur ar fáil. Bunófar na táillí sin ar bhealach nach mbainfear an bonn den rochtain éifeachtach ar an bhfaisnéis atá á coimeád sna cláir lárnacha.