+Airteagal 11 Rialacha ginearálta maidir le rochtain ar na cláir um úinéireacht thairbhiúil ag údaráis inniúla, comhlachtaí féinrialála agus eintitis faoi oibleagáid
---+Airteagal 11 1
---+Airteagal 11 2
---+Airteagal 11 3
---+Airteagal 11 4
---+Airteagal 11 5
|
Airteagal 11 Rialacha ginearálta maidir le rochtain ar na cláir um úinéireacht thairbhiúil ag údaráis inniúla, comhlachtaí féinrialála agus eintitis faoi oibleagáid
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain láithreach, neamhscagtha, dhíreach agus saor in aisce ag na húdaráis inniúla ar an bhfaisnéis atá á coimeád sna cláir lárnacha idirnasctha dá dtagraítear in Airteagal 10, gan aon fholáireamh a thabhairt don eintiteas dlítheanach nó don socrú dlíthiúil lena mbaineann.
|
|
Airteagal 11 2
|
2. Tabharfar rochtain, dá dtagraítear i mír 1, dóibh seo a leanas:
|
(b)
|
comhlachtaí féinrialála i bhfeidhmiú feidhmeanna maoirseachta de bhun Airteagal 37;
|
|
(d)
|
údaráis náisiúnta a bhfuil freagrachtaí ainmnithe acu maidir le cur chun feidhme bhearta sriantacha an Aontais arna sainaithint faoi na Rialacháin ábhartha ón gComhairle a ghlactar ar bhonn Airteagal 215 CFAE
|
|
(e)
|
AMLA chun críocha anailísí comhpháirteacha de bhun Airteagal 2 den Treoir seo agus Airteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1620;
|
|
(h)
|
Europol agus Eurojust agus tacaíocht oibríochtúil á tabhairt acu d’údaráis inniúla na mBallstát.
|
|
|
Airteagal 11 3
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit, agus bearta díchill chuí do chustaiméirí á ndéanamh acu i gcomhréir le Caibidil III de Rialachán (AE) 2024/1624, go mbeidh rochtain thráthúil ag eintitis faoi oibleagáid ar an bhfaisnéis atá á coimeád sna cláir lárnacha idirnasctha dá dtagraítear in Airteagal 10 den Treoir seo.
|
|
Airteagal 11 4
|
4. Féadfaidh na Ballstáit a roghnú faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil atá á coimeád ina gcláir lárnacha a chur ar fáil d’eintitis faoi oibleagáid ar tháille a íoc, a bheidh teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun na costais a chumhdach a bhaineann le cáilíocht na faisnéise atá á coimeád sna cláir lárnacha a áirithiú agus leis an bhfaisnéis a chur ar fáil. Bunófar na táillí sin ar bhealach nach mbainfear an bonn den rochtain éifeachtach ar an bhfaisnéis atá á coimeád sna cláir lárnacha.
|
|
Airteagal 11 5
|
5. Faoin 10 Deireadh Fómhair 2026, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir le liosta na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí féinrialála agus catagóirí na n-eintiteas faoi oibleagáid ar deonaíodh rochtain dóibh ar na cláir lárnacha agus faoin gcineál faisnéise atá ar fáil d'eintitis faoi oibleagáid. Tabharfaidh na Ballstáit an fógra sin cothrom le dáta nuair a bheidh aon athruithe ar liosta na n-údarás inniúil nó catagóirí na n-eintiteas faoi oibleagáid nó ar mhéid na rochtana a dheonaítear d’eintitis faoi oibleagáid. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis maidir leis an rochtain atá ag údaráis inniúla agus ag eintitis faoi oibleagáid, lena n-áirítear aon athrú uirthi, a chur ar fáil do na Ballstáit eile.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|