+Airteagal 12 2
|
Airteagal 12 2
2. Measfar go bhfuil leas dlisteanach ag na daoine nádúrtha nó dlítheanacha seo a leanas chun rochtain a fháil ar an bhfaisnéis a liostaítear i mír 1:
|
(a)
|
daoine a ghníomhaíonn chun críche iriseoireachta, tuairiscithe nó aon chineál eile cur in iúl sna meáin, ar daoine iad a bhfuil baint acu le sciúradh airgid a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc nó a chomhrac;
|
|
(b)
|
eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha agus lucht acadúil, a bhfuil baint acu le sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc nó a chomhrac;
|
|
(c)
|
daoine nádúrtha nó dlítheanacha ar dócha go ndéanfaidh siad idirbheart le heintiteas dlítheanach nó le socrú dlíthiúil agus ar mian leo aon nasc a chosc idir an t-idirbheart sin agus an sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú na sceimhlitheoireachta;
|
|
(d)
|
eintitis atá faoi réir ceanglais AML/CFT i dtríú tíortha, ar choinníoll gur féidir leo a léiriú gur gá rochtain a fháil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i ndáil le heintiteas dlítheanach nó socrú dlíthiúil chun dícheall cuí do chustaiméirí a dhéanamh i leith custaiméara nó i leith custaiméir ionchasach de bhun ceanglais AML/CFT sna tríú tíortha sin;
|
|
(e)
|
contrapháirtithe tríú tír údaráis inniúla AML/CFT de chuid an Aontais ar choinníoll gur féidir leo a léiriú gur gá rochtain a fháil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i ndáil le heintiteas dlítheanach nó socrú dlíthiúil chun a gcúraimí a chomhlíonadh faoi chreataí AML/CFT na dtríú tíortha sin i gcomhthéacs cás sonrach;
|
|
(f)
|
údaráis na mBallstát atá i gceannas ar Theideal I, Caibidlí II agus III de Threoir (AE) 2017/1132 a chur chun feidhme, go háirithe na húdaráis atá i gceannas ar chlárú na gcuideachtaí sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 16 den Treoir sin, agus údaráis na mBallstát atá freagrach as grinnscrúdú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht tiontuithe, cumasc agus deighiltí cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta de bhun Theideal II den Treoir sin;
|
|
(g)
|
údaráis clár arna sainaithint ag na Ballstáit de bhun Airteagal 71 de Rialachán (AE) 2021/1060, i leith thairbhithe chistí an Aontais;
|
|
(h)
|
údaráis phoiblí a chuireann an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta chun feidhme faoi Rialachán (AE) 2021/241, i ndáil le tairbhithe faoin tSaoráid;
|
|
(i)
|
údaráis phoiblí na mBallstát i gcomhthéacs nósanna imeachta soláthair phoiblí, i ndáil leis na tairgeoirí agus na hoibreoirí dá ndámhtar an conradh faoin nós imeachta soláthair phoiblí;
|
|
(j)
|
soláthraithe táirgí AML/CFT, a mhéid nach gcuirtear táirgí arna bhforbairt ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i mír 1 nó ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil ach do chustaiméirí ar eintitis faoi oibleagáid nó údaráis inniúla iad, agus an méid sin amháin, ar choinníoll gur féidir leis na soláthraithe sin a léiriú gur gá rochtain a fháil ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i gcomhthéacs conradh le heintiteas faoi oibleagáid nó le húdarás inniúil.
|
Sa bhreis ar na catagóirí a shainaithnítear faoin gcéad fhomhír, áiritheoidh na Ballstáit freisin go ndeonófar rochtain ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil do dhaoine eile atá in ann leas dlisteanach a léiriú maidir leis an gcuspóir sciúradh airgid, a chionta preideacáide agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chosc agus a chomhrac, ar bhonn cás ar chás.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|