8. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar faisnéis maidir le sealbhóirí cuntas bainc nó cuntas íocaíochta, lena n-áirítear IBANanna fíorúla, cuntais urrús, cuntais cripteashócmhainní agus taisceadáin a chur ar fáil trína sásraí uathoibrithe láraithe náisiúnta agus trí CICCB lena n-idirnasctar na sásraí uathoibrithe láraithe ar feadh tréimhse 5 bliana tar éis dhúnadh an chuntais.
Gan dochar don dlí coiriúil náisiúnta maidir le fianaise is infheidhme i ndáil le himscrúduithe coiriúla leanúnacha agus imeachtaí dlíthiúla leanúnacha, féadfaidh na Ballstáit, i gcásanna sonracha, cead a thabhairt go ndéanfaí faisnéis den sórt sin choinneáil, nó a cheangal go ndéanfaí faisnéis den sórt sin a choinneáil ar feadh uastréimhse 5 bliana, i gcás ina bhfuil cinneadh déanta ag na Ballstáit go bhfuil gá leis an gcoinneáil sin agus go bhfuil sí comhréireach chun an sciúradh airgid nó maoiniú na sceimhlitheoireachta amhrasta a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh.