1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh rochtain láithreach dhíreach ag na húdaráis inniúla saor in aisce ar fhaisnéis lenar féidir aon mhaoin réadmhaoine agus na daoine nádúrtha nó na heintitis dhlítheanacha nó socruithe dlíthiúla ar leo an mhaoin sin a shainaithint go tráthúil, agus ar fhaisnéis lenar féidir idirbhearta a bhaineann le réadmhaoin a shainaithint agus a anailísiú. Soláthrófar an rochtain sin trí phointe rochtana aonair a bheidh le bunú i ngach Ballstát lena gceadófar d’údaráis inniúla rochtain a fháil, trí mheán leictreonach, ar fhaisnéis i bhformáid dhigiteach, a bheidh meaisín-inléite, i gcás inar féidir.
Tabharfar rochtain ar na pointí rochtana aonair dá dtagraítear i mír 1 do AMLA freisin chun críocha anailísí comhpháirteacha de bhun Airteagal 32 den Treoir seo agus le hAirteagal 40 de Rialachán (AE) 2024/1620.