6. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh FIUnna in ann cuireadh a thabhairt do thríú páirtithe, lena n-áirítear i gcás inarb ábhartha comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais, páirt a ghlacadh sna hanailísí comhpháirteacha chun críocha na n-anailísí comhpháirteacha agus i gcás ina dtagann an rannpháirtíocht sin faoi réim shainorduithe na dtríú páirtithe sin faoi seach.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcinnfidh na FIUnna atá rannpháirteach sna hanailísí comhpháirteacha na coinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir le rannpháirtíocht tríú páirtithe agus go gcuirfidh siad bearta ar bun lena ráthaítear rúndacht agus slándáil na faisnéise arna malartú. Áiritheoidh na Ballstáit nach n-úsáidfear an fhaisnéis a mhalartófar ach amháin chun na gcríoch ar chucu a bunaíodh an anailís chomhpháirteach sin.