4. Faoin 10 Iúil 2029, forbróidh AMLA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme agus cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin iad lena nglacadh. Leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin, sonrófar an teimpléad atá le húsáid chun na comhaontuithe comhair dá dtagraítear i mír 1 a thabhairt i gcrích.
Tarmligtear chuig an gCoimisiúin an chumhacht na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 53 de Rialachán (AE) 2024/1620.