+Airteagal 52 Formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála
---+Airteagal 52 1
---+Airteagal 52 2
---+Airteagal 52 3
---+Airteagal 52 4
---+Airteagal 52 5
---+Airteagal 52 6
---+Airteagal 52 7
|
Airteagal 52 Formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 52 1
|
1. I gcás ina gcinneann na Ballstáit, de bhun Airteagal 37(3) den Treoir seo, a cheadú do na comhlachtaí féinrialála maoirseacht a dhéanamh ar na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (3)(a) agus (b), de Rialachán (AE) 2024/1624, áiritheoidh siad go mbeidh na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag na comhlachtaí féinrialála sin chuige sin faoi réir formhaoirseacht arna déanamh ag údarás poiblí.
|
|
Airteagal 52 2
|
2. Beidh an t-údarás poiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála freagrach as córas maoirseachta leordhóthanach agus éifeachtach a áirithiú le haghaidh na n-eintiteas faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (3)(a) agus (b), de Rialachán (AE) 2024/1624, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
maidir le haon chomhlacht féinrialála a fheidhmíonn na feidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 37(1) nó atá ag féachaint lena bhfeidhmiú, a fhíorú go gcomhlíonann sé ceanglais mhír 3 den Airteagal sin;
|
|
(b)
|
treoraíocht a eisiúint a mhéid a bhaineann le feidhmiú na bhfeidhmeanna dá dtagraítear in Airteagal 37(1);
|
|
(c)
|
a áirithiú go bhfeidhmeoidh na comhlachtaí féinrialála a bhfeidhmeanna faoi Roinn 1 den Chaibidil seo ar bhealach leordhóthanach éifeachtach;
|
|
(d)
|
athbhreithniú a dhéanamh ar na díolúintí a dheonaigh comhlachtaí féinrialála ón oibleagáid measúnú riosca aonair doiciméadaithe a tharraingt suas de bhun Airteagal 37(5), pointe (b).
|
|
(e)
|
na comhlachtaí féinrialála a chur ar an eolas go tráthrialta faoi aon ghníomhaíocht atá beartaithe ag AMLA nó faoi aon chúram a dhéanann sé atá ábhartha maidir lena bhfeidhm mhaoirseachta a fheidhmiú, agus go háirithe faoi phleanáil na n-athbhreithnithe piaraí i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2024/1620.
|
|
|
Airteagal 52 3
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndeonófar cumhachtaí leordhóthanacha don údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála chun a chuid freagrachtaí a chomhlíonadh faoi mhír 2. Ar a laghad, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh an chumhacht ag an údarás poiblí an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a)
|
iallach a chur go gcuirfear ar fáil aon fhaisnéis a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh agus le seiceálacha a dhéanamh, seachas aon fhaisnéis a bhailíonn eintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 3, pointí (3)(a) agus (b), de Rialachán (AE) 2024/1624 le linn staid dhlíthiúil a gcliaint a fhionnadh, faoi réir na gcoinníollacha in Airteagal 21(2) den Rialachán sin, nó chun an cúram a chomhlíonadh maidir leis an gcliant sin a chosaint nó ionadaíocht a dhéanamh air in imeachtaí breithiúnacha, lena n-áirítear comhairle a thabhairt maidir leis na himeachtaí sin a thionscnamh nó a sheachaint; cibé acu a bailíodh an fhaisnéis sin roimh na himeachtaí, lena linn nó dá n-éis;
|
|
(b)
|
treoracha a eisiúint do chomhlacht féinrialála chun leigheas a fháil ar theipeanna a fheidhmeanna a fheidhmiú faoi Airteagal 37(1) nó teipeanna ceanglais mhír 6 den Airteagal sin a chomhlíonadh, nó chun teipeanna den sórt sin a chosc.
|
Agus treoracha á n-eisiúint aige do chomhlacht féinrialála i gcomhréir le pointe (b) den chéad fhomhír, breithneoidh an t-údarás poiblí, aon treoraíocht ábhartha a chur sé ar fáil nó a chuir AMLA ar fáil.
|
|
Airteagal 52 4
|
4. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh an t-údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála a fheidhmeanna a chomhlíonadh saor ó thionchar míchuí.
Áiritheoidh na Ballstáit freisin go mbeidh foireann an údaráis phoiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála faoi cheangal ag ceanglais rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach leis na ceanglais sin a leagtar síos in Airteagal 67, agus go gcoinneoidh siad ardchaighdeáin ghairmiúla, lena n-áirítear ardchaighdeáin ghairmiúla rúndachta agus cosanta sonraí, agus go mbeidh ardleibhéal ionracais acu. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh nósanna imeachta curtha ar bun ag an údarás poiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála chun coinbhleachtaí leasa a chosc agus a bhainistiú.
|
|
Airteagal 52 5
|
5. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le bearta nó smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha, athchomhairleacha i gcás ina mainníonn comhlachtaí féinrialála aon iarraidh nó treoir nó aon bheart eile arna dhéanamh ag an údarás de bhun mhír 2 nó 3 a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 52 6
|
6. Maidir leis an údarás poiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh an t-údarás sin na húdaráis atá inniúil ar ghníomhaíochtaí coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh, go díreach nó trí FIU, ar an eolas go tráthúil i ndáil le haon sáruithe atá faoi réir smachtbhannaí coiriúla a bhraitheann sé agus a gcúraimí á gcomhlíonadh aige.
|
|
Airteagal 52 7
|
7. An t-údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála, foilseoidh sé tuarascáil bhliantúil ina mbeidh faisnéis faoin méid seo a leanas:
|
(a)
|
líon agus cineál na sáruithe arna mbrath ag gach comhlacht féinrialála agus na smachtbhannaí airgid arna bhforchur ar eintitis faoi oibleagáid nó na bearta riaracháin arna gcur i bhfeidhm orthu;
|
|
(b)
|
líon na n-idirbheart amhrasach arna dtuairisciú ag na heintitis faoi oibleagáid atá faoi réir maoirseachta arna déanamh ag gach comhlacht féinrialála chuig FIU, cibé acu a cuireadh iad sin isteach go díreach de bhun Airteagal 69(1) de Rialachán (AE) 2024/1624, nó a chuir gach comhlacht féinrialála ar aghaidh chuig FIU iad de bhun Airteagal 70(1) den Rialachán sin;
|
|
(c)
|
líon na smachtbhannaí airgeadais agus na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla arna bhforchur nó líon na mbeart arna gcur i bhfeidhm, agus cur síos orthu, faoi Roinn 4 den Chaibidil seo ag gach comhlacht féinrialála chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh eintitis faoi oibleagáid Rialachán (AE) 2024/1624 dá dtagraítear in Airteagal 55(1) den Treoir seo;
|
|
(d)
|
líon na mbeart, agus cur síos orthu, arna ndéanamh ag an údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála faoin Airteagal seo agus líon na dtreoracha arna n-eisiúint do chomhlachtaí féinrialála.
|
Cuirfear an tuarascáil dá dtagraítear sa chéad fhomhír ar fáil ar shuíomh gréasáin an údaráis phoiblí a dhéanann formhaoirseacht ar chomhlachtaí féinrialála agus cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin agus AMLA é.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1640
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|