4. De mhaolú ar mhír 3, i gcásanna ina mbeidh sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha á ndéanamh ag eintitis faoi oibleagáid a oibríonn trí bhunaíochtaí nó trí chineálacha eile bonneagair ina gcríoch dá dtagraítear i mír 1, lena n-éilítear leigheasanna láithreacha, ceadófar do mhaoirseoirí an Bhallstáit óstaigh, bearta iomchuí agus comhréireacha a dhéanamh, ar a dtionscnamh féin, chun aghaidh a thabhairt ar na sáruithe sin. Beidh na bearta sin sealadach agus foirceannfar iad ach aghaidh a bheith tugtha ar na sáruithe a sainaithníodh, lena n-áirítear le cúnamh ó mhaoirseoirí Bhallstát baile an eintitis faoi oibleagáid nó i gcomhar leo.
Áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh maoirseoirí an Bhallstáit óstaigh maoirseoir Bhallstát baile an eintitis faoi oibleagáid ar an eolas láithreach ar shainaithint na sáruithe tromchúiseacha, leantacha nó córasacha agus ar aon bheart a dhéanamh de bhun na chéad fhomhíre, mura ndéanfar bearta i gcomhar le maoirseoirí an Bhallstáit baile.