+Airteagal 3 Sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais
---+Airteagal 3 1
---+Airteagal 3 2
---+Airteagal 3 3
---+Airteagal 3 4
---+Airteagal 3 5
|
Airteagal 3 Sárú ar bhearta sriantacha de chuid an Aontais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 3 1
|
1. Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina ndéantar d’aon ghnó í agus ina ndéantar í de shárú ar thoirmeasc nó oibleagáid arb ionann é nó í agus beart sriantach de chuid an Aontais nó a leagtar amach i bhforáil náisiúnta lena gcuirtear beart sriantach de chuid an Aontais chun feidhme, i gcás ina bhfuil gá le cur chun feidhme náisiúnta, gur cion coiriúil í an iompraíocht seo a leanas:
|
(a)
|
cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil go díreach nó go hindíreach do dhuine, eintiteas nó comhlacht ainmnithe, nó chun tairbhe do dhuine, eintiteas nó comhlacht ainmnithe, de shárú ar thoirmeasc ar beart sriantach de chuid an Aontais é;
|
|
(b)
|
mainneachtain cistí nó acmhainní eacnamaíocha ar le duine, eintiteas nó comhlacht ainmnithe iad nó atá faoina úinéireacht, ina sheilbh nó á rialú aige, a reo, de shárú ar oibleagáid ar beart sriantach de chuid an Aontais í;
|
|
(c)
|
cur ar chumas daoine nádúrtha ainmnithe teacht isteach ar chríoch Bhallstáit, nó idirthuras a dhéanamh tríthi, de shárú ar thoirmeasc ar beart sriantach de chuid an Aontais é;
|
|
(d)
|
idirbhearta a dhéanamh, nó leanúint d’idirbhearta a dhéanamh, le tríú Stát, le comhlachtaí de chuid tríú Stát nó le heintitis nó le comhlachtaí atá, go díreach nó go hindíreach, faoi úinéireacht nó faoi rialú tríú Stát nó comhlachtaí de chuid tríú Stát, lena n-áirítear conarthaí poiblí nó conarthaí lamháltais a dhámhachtain nó a fhorghníomhú go leanúnach, i gcás inar beart sriantach de chuid an Aontais é an toirmeasc nó an srian ar an iompraíocht sin;
|
|
(e)
|
earraí a thrádáil, a allmhairiú, a onnmhairiú, a dhíol, a cheannach, a aistriú, a chur faoi bhealach nó a iompar, chomh maith le seirbhísí bróicéireachta, cúnamh teicniúil nó seirbhísí a bhaineann leis na hearraí sin a sholáthar, i gcás inar beart sriantach de chuid an Aontais é an toirmeasc nó an srian ar an iompraíocht sin;
|
|
(f)
|
seirbhísí airgeadais a sholáthar nó gníomhaíochtaí airgeadais a dhéanamh, i gcás inar beart sriantach de chuid an Aontais é an toirmeasc nó an srian ar an iompraíocht sin;
|
|
(g)
|
seirbhísí, seachas na seirbhísí sin dá dtagraítear i bpointe (f), a sholáthar, i gcás inar beart sriantach de chuid an Aontais é an toirmeasc nó an srian ar an iompraíocht sin;
|
|
(h)
|
dul timpeall ar bheart sriantach de chuid an Aontais tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(i)
|
cistí nó acmhainní eacnamaíocha atá faoi úinéireacht, i seilbh, nó á rialú go díreach nó go hindíreach ag duine, eintiteas nó comhlacht ainmnithe, atá le reo de bhun bheart sriantach de chuid an Aontais, a úsáid, a aistriú chuig tríú páirtí, nó a dhiúscairt ar bhealach eile, chun na cistí nó na hacmhainní eacnamaíocha sin a cheilt;
|
|
(ii)
|
faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a sholáthar chun a cheilt gurb é atá i nduine, eintiteas nó comhlacht ainmnithe ná úinéir deiridh nó tairbhí deiridh na gcistí nó na n-acmhainní eacnamaíocha atá le reo de bhun bheart sriantach de chuid an Aontais;
|
|
(iii)
|
mainneachtain ag duine nádúrtha ainmnithe, nó ag ionadaí eintitis nó comhlachta ainmnithe, oibleagáid a chomhlíonadh ar beart sriantach de chuid an Aontais í maidir le cistí nó acmhainní eacnamaíocha laistigh de dhlínse Ballstáit ar leis iad, atá faoina úinéireacht, ina sheilbh nó á rialú ag an duine sin, a thuairisciú do na húdaráis inniúla riaracháin;
|
|
(iv)
|
mainneachtain oibleagáid a chomhlíonadh arb ionann í agus bearta sriantacha de chuid an Aontais maidir le faisnéis a sholáthar do na húdaráis inniúla riaracháin, ar faisnéis í faoi chistí nó acmhainní eacnamaíocha reoite nó faisnéis atá á coinneáil faoi chistí nó acmhainní eacnamaíocha laistigh de chríoch na mBallstát nach bhfuil reoite, ar le daoine, eintitis nó comhlachtaí ainmnithe iad nó atá faoina n-úinéireacht, ina seilbh nó á rialú acu, i gcás ina bhfuarthas an fhaisnéis sin agus dualgas gairmiúil á chomhlíonadh;
|
|
|
(i)
|
sárú nó mainneachtain coinníollacha a chomhlíonadh faoi údaruithe arna ndeonú ag údaráis inniúla chun gníomhaíochtaí a dhéanamh, arb ionann iad agus sárú ar thoirmeasc nó ar shrian ar bheart sriantach de chuid an Aontais é in éagmais an údaraithe sin;
|
|
|
Airteagal 3 2
|
2. Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh nach cion coiriúil í an iompraíocht seo a leanas:
|
(a)
|
iompraíocht a liostaítear i mír 1, pointí (a), (b) agus (h) den Airteagal seo, i gcás ina mbaineann an iompraíocht sin le cistí nó acmhainní eacnamaíocha ar lú a luach ná EUR 10 000;
|
|
(b)
|
iompraíocht a liostaítear i mír 1, pointí (d) go (g) agus (i) den Airteagal seo, i gcás ina mbaineann an iompraíocht sin le hearraí, seirbhísí, idirbhearta nó gníomhaíochtaí ar lú a luach ná EUR 10 000;
|
Déanfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun a áirithiú go bhféadfar an tairseach dar luach EUR 10 000 nó níos mó a bhaint amach trí shraith iompair a liostaítear i mír 1, pointí (a), (b) agus (d) go (i) den Airteagal seo, atá nasctha agus den chineál céanna, i gcás inarb é an ciontóir céanna a dhéanann an t-iompar sin.
|
|
Airteagal 3 3
|
3. Áiritheoidh na Ballstáit gur cion coiriúil í an iompraíocht a liostaítear i mír 1, pointe (e), freisin i gcás ina ndéantar í le faillí thromchúiseach, ar a laghad i gcás ina mbaineann an iompraíocht sin le hítimí a áirítear i Liosta Comhchoiteann Míleata an Aontais Eorpaigh nó le hítimí dé-úsáide a liostaítear in Iarscríbhinní I agus IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/821.
|
|
Airteagal 3 4
|
4. Ní mheasfar le haon ní i mír 1 go bhforchuirfear oibleagáid ar ghairmithe dlí faisnéis a thuairisciú, ar faisnéis í a fhaigheann siad ó dhuine dá gcliaint, nó a fhaigheann siad faoi dhuine dá gcliaint le linn dóibh seasamh dlíthiúil an chliaint sin a fhionnadh nó le linn dóibh an cliant sin a chosaint nó ionadaíocht a dhéanamh air in imeachtaí breithiúnacha nó maidir leo, lena n-áirítear comhairle a thabhairt i ndáil leis na himeachtaí sin a thionscnamh nó a sheachaint.
|
|
Airteagal 3 5
|
5. Ní mheasfar le haon ní i míreanna 1, 2 agus 3 go gcoiriúlófar cúnamh daonnúil do dhaoine atá i ngátar nó gníomhaíochtaí lena dtacaítear le bunriachtanais an duine dá bhforáiltear i gcomhréir le prionsabail na neamhchlaontachta, na daonnachta, na neodrachta agus an neamhspleáchais agus, i gcás inarb infheidhme, leis an dlí daonnúil idirnáisiúnta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 29.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024L1226
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|