+Airteagal 20 Údaráis inniúla a ainmniú
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
---+Airteagal 20 5.
|
Airteagal 20 Údaráis inniúla a ainmniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
Déanfar na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as na cúraimí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chomhlíonadh agus as a áirithiú go gcuirfear forálacha an Rialacháin seo i bhfeidhm a ainmniú as measc an méid seo a leanas:
(a)
an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 24(1) de Threoir 2004/109.CE;
(b)
an t-údarás inniúil dá dtagraítear i bpointe (h) d'Airteagal 24(4) de Threoir 2004/109/CE;
(c)
an t-údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 32 de Threoir 2006/43/CE.
|
|
Airteagal 20 2.
|
De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go bhfuiltear chun an fhreagracht as a áirithiú go gcuirtear forálacha uile nó cuid d'fhorálacha Theideal III den Rialachán seo i bhfeidhm a chur de chúram, de réir mar is iomchuí, ar na húdaráis inniúla dá dtagraítear sna hAirteagail seo a leanas:
(a)
Airteagal 48 de Threoir 2004/39/CE;
(b)
Airteagal 24(1) de Threoir 2004/109/CE;
(c)
pointe (h) d'Airteagal 24(4) de Threoir 2004/109/CE;
(d)
Airteagal 20 de Threoir 2007/64/CE;
(e)
Airteagal 30 de Threoir 2009/138/CE;
(f)
Airteagal 4(1) de Threoir 2013/36/AE;
nó ar údaráis eile arna n-ainmniú leis an dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 20 3.
|
I gcás ina mbeifear tar éis níos mó ná údarás inniúil amháin a ainmniú de bhun mhír 1 agus mhír 2, déanfar na húdaráis sin a eagrú ar shlí ina bhfuil a gcuid cúraimí cionroinnte go soiléir.
|
|
Airteagal 20 4.
|
Beidh mír 1, mír 2 agus mír 3 gan dochar do cheart Ballstáit socruithe dlíthiúla agus riaracháin ar leithligh a dhéanamh i gcomhair tíortha agus críoch thar lear a bhfuil caidreamh speisialta ag an mBallstát sin leo.
|
|
Airteagal 20 5.
|
Cuirfidh na Ballstáit fógra chuig an gCoimisiún maidir le hainmniú údarás inniúil chun críocha an Rialacháin seo. Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis seo a chomhdhlúthú agus poibleoidh sé í.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0537
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|